Scoil a Roghnú
Scoil a Roghnú
Cad iad na roghanna oideachais éagsúla atá ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu?
I gcóras na hÉireann, tá trí phríomhchineál soláthair oideachais ann chun freastal ar riachtanais daltaí.
– Ranganna príomhshrutha
– Ranganna speisialta i scoil phríomhshrutha
– Scoil speisialta
Ba cheart do mhúinteoirí, do scoileanna agus do thuismitheoirí oibriú le chéile chun athbhreithniú a dhéanamh go minic ar shocrúchán linbh, ós rud é go bhféadfadh riachtanais an linbh sin athrú.
Ar an leathanach seo, míneoimid na trí phríomhchineál sin ar bhealach níos mionsonraithe. Is féidir leat ár leabhrán eolais a léamh ag an nasc thíos freisin.
Scoil a roghnú
Scoil Phríomhshrutha – Bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna
I rang príomhshrutha, bíonn an múinteoir ranga nó an múinteoir ábhair freagrach as dul chun cinn gach dalta sa rang, lena n-áirítear daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Is féidir le múinteoir oideachais speisialta (MOS) tacaíocht teagaisc bhreise a chur ar fáil de réir mar is gá. Bíonn sé sin bunaithe ar riachtanais shóisialta, mhothúchánacha, iompraíochta agus foghlama an linbh.
Is féidir leat an líon uaireanta an chloig teagaisc oideachais speisialta atá leithdháilte ar scoil a sheiceáil anseo.
Oibríonn cúntóirí riachtanas speisialta (CRSanna) le leanaí a bhfuil riachtanais chúraim acu. Cuireann siad tacaíocht chúraim neamh-theagaisc ar fáil.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na tacaíochtaí atá ar fáil do dhaltaí, déan teagmháil le d’oifigeach riachtanas speisialta oideachais (ORSO) áitiúil.
Scoil a roghnú
Rang speisialta i scoil phríomhshrutha
Cuireann ranganna speisialta i scoileanna príomhshrutha timpeallacht foghlama thacúil ar fáil do
dhaltaí a bhfuil riachtanais chasta acu.
Chun áit a fháil i scoil speisialta, ní mór tuairisc ghairmiúil a bheith ag leanbh ina luaitear:
– Go bhfuil riachtanas speisialta oideachais ag an leanbh
– Go molann an gairmí rang speisialta don leanbh
Bíonn cóimheas níos ísle idir daltaí agus múinteoirí i ranganna speisialta de réir chatagóir an mhíchumais. Ciallaíonn sé sin go mbíonn líon níos lú daltaí sna ranganna.
Mar shampla:
– Múinteoir amháin in aghaidh gach ochtar leanaí a bhíonn ag rang speisialta do leanaí atá faoi mhíchumas foghlama ginearálta measartha
– Múinteoir amháin in aghaidh gach seisear leanaí a bhíonn ag rang speisialta do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil uathachas orthu
Déantar athbhreithniú ar áit dalta i rang speisialta gach bliain. Ba cheart go gcuirfí riachtanais agus dul chun cinn an dalta san áireamh san athbhreithniú sin.
Ba cheart go bhfágfadh ranganna speisialta gur féidir le leanaí oideachas a fháil in éineacht le daltaí eile trí ghrúpaí ó ranganna speisialta agus ó ranganna príomhshrutha a thabhairt le chéile i rith an lae.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi scoileanna ina bhfuil ranganna speisialta do do leanbh, déan teagmháil le d’eagraí riachtanas speisialta oideachais (ERSO).
Scoil a roghnú
Scoileanna speisialta
Tacaíonn scoileanna speisialta le daltaí a bhfuil riachtanais shuntasacha chasta speisialta oideachais acu.
Chun áit a fháil i scoil speisialta, ní mór tuairisc ghairmiúil a bheith ag leanbh ina luaitear:
– Go bhfuil riachtanas speisialta oideachais ag an leanbh
– Go bhfuil an riachtanas chomh casta sin go moltar áit i scoil speisialta don leanbh
Bíonn cóimheas níos ísle idir daltaí agus múinteoirí i scoileanna speisialta de réir chatagóir an mhíchumais. Ciallaíonn sé sin go mbíonn líon níos lú daltaí sna ranganna.
Múinteoir amháin in aghaidh gach ochtar daltaí a bhíonn ag scoil speisialta do leanaí atá faoi mhíchumas foghlama ginearálta measartha
Bíonn ainmniúchán sonrach ag gach scoil speisialta. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh diagnóis a bheith faighte ag dalta go bhfuil sé faoi mhíchumas atá ag teacht le hainmniúchán sonrach na scoile. Mar shampla, uathachas, míchumais ghinearálta foghlama mheasartha nó throma nó dalta bodhar/breacbhodhar.
Féach ar an Léarscáil le hEolas faoi Scoileanna ar ár leathanach gréasáin ERSO chun scoil speisialta a aimsiú i do cheantar.
Má theastaíonn comhairle uait chun na tacaíochtaí oideachais is fearr a oireann do do leanbh a fháil amach, is féidir le d’eagraí riachtanas speisialta oideachais (ERSO) áitiúil cabhrú leat.
Léarscáil le hEolas faoi Scoileanna
Aimsigh scoil i do cheantar
Leis an Léarscáil le hEolas faoi Scoileanna, is féidir leat suíomh agus sonraí teagmhála a leanas a aimsiú:
– Scoileanna speisialta
– Scoileanna príomhshrutha ina bhfuil ranganna speisialta
– Scoileanna ina bhfuil Ranganna Uathachais Luath-Idirghabhála
– D’eagraí riachtanas speisialta oideachais (ERSO)
Scoil a Roghnú
Uaireanta TOS, Múinteoirí Ranganna Speisialta agus Leithdháiltí Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna)
Cuirtear eolas cuimsitheach ar fáil ar an leathanach gréasáin atá nasctha thíos faoin gcaoi a leithdháilimid:
– Uaireanta teagaisc oideachais speisialta (TOS)
– Múinteoirí ranganna speisialta
– Poist cúntóirí riachtanas speisialta (CRS)
Is féidir leat eolas a fháil faoi leithdháiltí don bhliain reatha agus do na blianta roimhe seo.
Scoil a roghnú
Liosta de Scoileanna Príomhshrutha ina bhfuil Ranganna Speisialta
Gach bliain, foilsímid liosta de bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna príomhshrutha ina bhfuil ranganna speisialta.