Múinteoirí Oideachais Speisialta
Múinteoirí Oideachais Speisialta
Cad a dhéanann Múinteoir Oideachais Speisialta?
Cuireann múinteoir oideachais speisialta tacaíocht teagaisc bhreise ar fáil do leanaí nó do dhaoine óga i ranganna príomhshrutha a bhfuil sé aitheanta go bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
I measc ról an Mhúinteora Oideachais Speisialta tá:
– Cur chuige uile-scoile cuimsitheach a chur chun cinn maidir le teagasc agus foghlaim
– Cur chuige teagaisc agus foghlama atá bunaithe ar fhianaise a úsáid
– Comhaid tacaíochta daltaí agus pleananna tacaíochta daltaí a fhorbairt le múinteoirí eile
– Tacaíocht a chur ar fáil ar go leor bealaí ar nós sa rang, i ngrúpaí beaga agus tacaíocht 1:1
– Oibriú le tuismitheoirí, caomhnóirí, an leanbh nó an duine óg, múinteoirí agus foireann ábhartha eile agus príomhoide na scoile
– Oibriú le gníomhaireachtaí agus seirbhísí lasmuigh den scoil de réir mar is gá.
– Páirt a ghlacadh i bhfoghlaim ghairmiúil múinteoirí chun a gcuid scileanna teagaisc a fhorbairt agus chun coinneáil cothrom le dáta leis an gcleachtas is fearr
Múinteoirí Oideachais Speisialta
Múnla Teagaisc Oideachais Speisialta (TOS) – Bunscoil
Is creat é an Múnla TOS a úsáidtear chun acmhainní teagaisc breise a leithdháileadh chun tacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i scoileanna príomhshrutha.
Múinteoirí Oideachais Speisialta
Múnla Teagaisc Oideachais Speisialta (TOS) – Iar-bhunscoil
Is creat é an Múnla TOS a úsáidtear chun acmhainní teagaisc breise a leithdháileadh chun tacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i scoileanna príomhshrutha.
Múinteoirí Oideachais Speisialta
Uaireanta TOS, Múinteoirí Ranganna Speisialta agus Leithdháiltí Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna)
Cuirtear sonraí cuimsitheacha ar fáil ar an leathanach gréasáin seo thíos faoi na próisis chun leithdháileadh a dhéanamh ar scoileanna:
– Uaireanta teagaisc oideachais speisialta (TOS)
– Múinteoirí ranganna speisialta
– Cúntóirí riachtanas speisialta (CRS)
Múinteoirí Oideachais Speisialta
Cad is Athbhreithniú TOS ann?
Faigh tuilleadh eolais faoin bpróiseas Athbhreithnithe TOS agus mar a oibríonn sé.