Samhail Múinteoirí Oideachais Speisialta (MOS) – Iar-Bhunscoileanna
Samhail MOS – Iar-bhunscoileanna
Cad is an tSamhail MOS – Iar-Bhunscoileanna ann?
Cuireann Teagasc Oideachais Speisialta (TOS) tacaíocht bhreise ar fáil do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Acmhainn bhreise is ea leithdháileadh an Teagaisc Oideachais Speisialta, a chuirtear i leataobh chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil do dhaoine óga a bhfuil sé aitheanta ag an scoil go bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, agus chun na críche sin amháin
Is treoir céim ar chéim é creat an chontanaim tacaíochta maidir le láidreachtaí agus riachtanais duine óig a shainaithint, agus déantar monatóireacht ar fhreagairtí ar idirghabhálacha leis.
Aithnítear leis an gContanam Tacaíochta go mbíonn riachtanais speisialta oideachais i gceist feadh contanaim, idir riachtanais éadroma agus riachtanais níos suntasaí, agus idir riachtanais neamhbhuana agus riachtanais mharthanacha. . Aithnítear leis go dteastaíonn leibhéil éagsúla tacaíochta ó dhaoine óga ag brath ar a gcuid riachtanas oideachais sainaitheanta, agus go bhféadfadh athrú teacht ar riachtanais le himeacht ama.
Ar an leathanach seo, cuirimid nasc chuig eolas ábhartha ar fáil do cheannairí scoile chun cabhrú leo leis an tSamhail TOS agus leis an gcontanam tacaíochta.
An tSamhail Shocraithe – Iar-Bhunscoileanna
Ciorcláin
Féach ar chiorcláin na Roinne Oideachais agus Óige a bhaineann leis an tSamhail TOS – Iar-Bhunscoileanna
Ciorclán 0064/2024 – Leagtar amach ann an chaoi a ndéantar acmhainní múinteoirí oideachais speisialta a eagrú agus a leithdháileadh agus a úsáid (curtha in úsáid).
Ciorclán 0005/2025 – Leithdháileadh an mhúinteora oideachais speisialta (MOS) don scoilbhliain 2025/26.
Samhail MOS – Iar-bhunscoileanna
Treoirlínte d’Iar-Bhunscoileanna
Cuirtear treoir ar fáil do scoileanna sna Treoirlínte d’Iar-bhunscoileanna a thacaíonn le Daoine Óga a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu i Ranganna Príomhshrutha, maidir le heagrú agus an próiseas chun a n-acmhainní teagaisc oideachais speisialta a úsáid. Ina theannta sin, cuirtear eolas ar fáil do scoileanna sna Treoirlínte maidir leis na nithe seo a leanas:
– Na prionsabail atá mar bhonn leis an tSamhail Teagaisc Oideachas Speisialta
– Eagrú an tSoláthair Oideachais Speisialta: Cur in Úsáid na Samhla Teagaisc Oideachais Speisialta a Phleanáil
– Soláthar Oideachais Speisialta: Róil agus Freagrachtaí
– An chaoi le riachtanais a shainaithint agus freagairt dóibh ar fud an chontanaim tacaíochta
– Tacú leis na hAistrithe
Samhail MOS – Iar-bhunscoileanna
Acmhainní do Cheannairí Scoile agus do Mhúinteoirí
Acmhainní do Cheannairí Scoile agus do Mhúinteoirí – Táscairí Cleachtais Éifeachtaigh d’Iar-Bhunscoileanna
Leis an doiciméad táscairí cuirtear treoir phraiticiúil ar fáil chun cabhrú le scoileanna feabhas a chur ar an gcaoi a dtacaíonn siad le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i ranganna príomhshrutha.
Leagtar amach ann príomhphrionsabail an oideachais chuimsithigh agus an próiseas a bhaineann leis an gcontanam tacaíochta.
Is féidir leat na táscairí a úsáid mar chuid den phróiseas Féinmheastóireachta Scoile (FMS).
Treoir is ea iad do gach ball foirne, lena n-áirítear:
– Ceannairí scoile,
– An fhoireann teagaisc oideachais speisialta
– Foireann tacaíochta na ndaltaí
I Roinn 3 tugtar samplaí de chomhaid tacaíochta agus pleananna tacaíochta do dhaltaí. Léirítear iontu sin an chaoi is féidir leat an próiseas réitigh fadhbanna a úsáid chun láidreachtaí, ábhair spéise agus riachtanais daoine óga a aithint ag pointí éagsúla den chontanam tacaíochta.
Samhail MOS – Iar-bhunscoileanna
Tacaíocht Teagaisc Oideachais Speisialta – Treoir do Dhaoine Óga
Tá eolas sa treoir seo faoi na tacaíochtaí oideachais atá ar fáil sa scoil do dhaoine óga.
Samhail MOS – Iar-bhunscoileanna
Eolas do Thuismitheoirí/Caomhnóirí
Tacaíocht Teagaisc d’Oideachas Speisialta i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna – Treoir mhearthagartha do Thuismitheoirí/Caomhnóirí.