Fógra ó Thuismitheoirí – Socrúchán i Rang Speisialta/Scoil Speisialta
Fógra ó Thuismitheoirí
Cad is Fógra ó Thuismitheoirí ann?
Foirm ar líne is ea Fógra ó Thuismitheoirí chun an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) a chur ar an eolas go bhfuil tú ag lorg áit i scoil speisialta nó i rang speisialta do do leanbh.
Déanfaimid athbhreithniú ar d’fhaisnéis nuair a sheolfaidh tú an fhoirm chugainn. Má chomhlíonann an fhaisnéis agus na tuairiscí a chuireann tú ar fáil na critéir, gheobhaidh tú litir incháilitheachta.
Beidh an litir incháilitheachta seo ag teastáil uait nuair a bheidh tú ag déanamh iarratais ar rang speisialta nó ar scoil speisialta.
Spriocdháta: Seol d’fhoirm chugainn roimh an 1 Deireadh Fómhair 2025.
Má tá litir incháilitheachta agat cheana féin, déan teagmháil le d’Eagraí Riachtanais Speisialta Oideachais (ERSO) áitiúil chun litir incháilitheachta cothrom le dáta a fháil. Ní gá duit an fhoirm a líonadh arís.
Mura bhfuil do leanbh incháilithe, beidh ERSO i dteagmháil leat chun na roghanna atá ar fáil a phlé leat.
Mura bhfuil tú cinnte an gá duit an fhoirm a líonadh isteach, déan teagmháil le do ERSO áitiúil.
Má tá deacrachtaí agat leis an bhfoirm, déan teagmháil linn.
-Seol ríomhphost chuig parentsnotify@ncse.ie
– Cuir glaoch ar ár líne tacaíochta ag 01 603 3346
Is féidir leat tuilleadh sonraí a léamh faoin bpróiseas iarratais i gCiorclán 0039/2025 na Roinne Oideachais
Fógra ó Thuismitheoirí
Foirm Iarratais
Líon isteach an fhoirm iarratais agus cuir ar aghaidh í faoin 1 Deireadh Fómhair 2025.
Fógra ó Thuismitheoirí
Póstaer Fógra ó Thuismitheoirí
Bileog eolais faoin bpróiseas Fógra ó Thuismitheoirí le haghaidh socrúcháin i Scoil Speisialta nó i Rang Speisialta i Meán Fómhair 2026
Fógra ó Thuismitheoirí
Treoir Físe
Leagtar amach an chaoi a n-oibríonn an próiseas Fógra ó Thuismitheoirí sa treoir físe.