Tuismitheoirí/Caomhnóirí Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta

Cad é CNOS?

Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) chun seirbhísí oideachais a fheabhsú do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. 

Oibrímid chun tacú le córas oideachais ionchuimsitheach a chuireann ar chumas daltaí agus aosaigh óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu barr a gcumais a bhaint amach. 

Mar chomhlacht reachtúil neamhspleách a bunaíodh an Chomhairle ar dtús le hordú an Aire Oideachais agus Eolaíochta i mí na Nollag 2003. 

Cad dó a sheasann CNOS?

  • Déanaimid pleanáil, comhordú agus athbhreithniú ar an soláthar tacaíochtaí oideachais chun tacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu de réir bheartas na Roinne Oideachais agus Óige.
  • Cuirimid comhairle beartais ar fáil don Aire Oideachais agus Óige maidir le hoideachas speisialta do dhaltaí agus d’aosaigh óga. Tá ár gcomhairle bunaithe ar shaineolas neamhspleách agus fianaise-bhunaithe.
  • Déanaimid taighde ar gach gné den oideachas speisialta.
  • Cuirimid eolas ar oideachas speisialta ar fáil do na daoine ar fad a dteastaíonn sé uathu.

Conas a seachadtar seirbhísí CNOS?

Cuirimid ár gcuid seibhísí ar fáil trí fhoirne éagsúla de réir réigiúin.

Tá na foirne sin liosaithe thíos.

Foirne CNOS

  • An Cabhán Muineachán Liatroim
  • An Clár
  • Corcaigh (2 fhoireann)
  • Dun na nGall
  • Baile Átha Cliath (4 fhoireann)
  • Gaillimh
  • Ciarraí
  • Cill Dara
  • Laois Ceatharlach Cill Chainnigh
  • Luimneach
  • Lú An Mhí
  • Maigh Eo Sligeach
  • Uíbh Fhailí Tiobraid Árann
  • Ros Comáin An Longfort An Iarmhí
  • Port Láirge Loch Garman
  • Cill Mhantáin

Cé na tacaíochtaí atá ar fáil sa scoil do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu?

Cá háit ar féidir le mo leanbh a bhfuil riachtanais speisialta oideachais aige dul ar scoil? 

Tá go leor cineálacha scoileanna agus ranganna ann a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach do do leanbh. Tugaimid ‘timpeallachtaí oideachais’ orthu seo.

  • Scoil phríomhshrutha le tacaíochtaí
  • Ranganna speisialta príomhshrutha
  • Scoileanna speisialta
  • Tá Teagasc Baile ar fáil do scoláirí i gcúinsí áirithe

Cá bhfaighidh mé eolas faoi na ranganna speisialta atá i mo cheantar féin?

Cén uair a mbíonn áit i scoil speisialta oiriúnach do leanbh? 

  • Tacaíonn scoileanna speisialta le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais dhomhain agus chasta acu.

    Chun áit a fháil i scoil speisialta, ní mór tuairisc ghairmiúil a bheith ag leanbh ina luaitear:
    – Go bhfuil riachtanas speisialta oideachais ag an leanbh
    – Go bhfuil an riachtanas chomh casta sin go moltar áit i scoil speisialta

    Bíonn cóimheas níos ísle idir daltaí agus múinteoirí ag scoileanna speisialta de réir catagóirí míchumais. Ciallaíonn sé seo go mbíonn líon beag daltaí sna ranganna.

    Féach ar an léarscáil ar a dtaispeántar suíomh na scoileanna speisialta i do cheantar.

Cén ról atá ag Eagraí Riachtanais Speisialta Oideachais (ERSO) i ndáil le tuismitheoirí agus caomhnóirí? 

  • ERSOnna a chomhordaíonn na tacaíochtaí oideachais breise a chuireann scoileanna ar fáil de réir pholasaí na Roinne Oideachais agus Óige.

    Tacaíonn ERSOnna le tuismitheoirí agus caomhnóirí trí:
    – Eolas a chur ar fáil
    – Ranganna speisialta a bhunú
    – Dul i dteagmháil le gairmithe eile atá ag obair le leanaí agus daoine óga

    Tugann ERSOnna comhairle do thuismitheoirí agus caomhnóirí maidir leis na ranganna speisialta, scoileanna speisialta agus tacaíochtaí oideachais eile atá ar fáil.

    Próiseálann ERSOnna iarratais ar iompar agus ar theicneolaíocht chúnta agus seolann siad chuig an Roinn Oideachais agus Óige iad lena bpróiseáil agus lena gceadú.

    Léigh tuilleadh faoi ERSOnna.

Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an ERSO áitiúil?

Oibríonn ERSOnna laistigh de cheantair réigiúnacha. Tá ERSO sannta do gach scoil.

Conas is féidir liom cúntóir riachtanas speisialta (CRS) a fháil chun tacú le mo leanbh?

Is tacaíochtaí scoile breise iad cúntóirí riachtanas speisialta (CRSanna) a chabhraíonn le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus a bhfuil riachtanais chúraim shuntasacha acu freisin.  

Cuidíonn CRSanna le daltaí freastal ar scoil agus cuireann siad rang ionchuimsitheach chun cinn ina ritheann ceachtanna go réidh do gach duine. Oibreoidh an CRS chun cabhrú leis an dalta a scileanna maireachtála neamhspleácha a fhorbairt.  

Leithdháileann muide, an CNOS, CRSanna bunaithe ar riachtanais chúraim na ndaltaí uile sa scoil. 

Earcóidh scoil do linbh CRSanna agus cinnfidh sí conas CRSanna a úsáid chun tacú le daltaí aonair.  

Má chreideann scoil nach gcomhlíonann a leithdháileadh CRS a riachtanais, is féidir leis an scoil iarratas ar athbhreithniú a chur ar aghaidh chuig CNOS. 

Is féidir leat eolas a léamh faoin gcaoi ar féidir le scoil iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ar leithdháileadh CRS

Conas a bhfaighidh mo leanbh rochtain ar uaireanta teagaisc oideachais speisialta (TOS)?  

Cinnfidh an Roinn Oideachais agus Óige líon na múinteoirí oideachais speisialta (MOS) bunaithe ar mhéid na scoile agus ar riachtanais na ndaltaí.

Breithneoidh an scoil riachtanais foghlama dalta agus í ag cinneadh conas uaireanta TOS a úsáid. 

Níl rochtain ar MOS bunaithe ar dhiagnóis míchumais ar leith.  

Féadfaidh do leanbh an teagasc breise seo a fháil:

– Sa seomra ranga

– I ngrúpaí beaga ar leith

– Mar theagasc duine le duine

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh ar iompar scoile do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu? 

Cuireann an Roinn Oideachais agus Óige seirbhísí iompair scoile ar fáil do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Is é Bus Éireann atá i bhfeighil na seirbhíse sin.  

Ní mór don dalta freastal ar an rang speisialta nó ar an scoil speisialta is gaire dó atá in ann freastal ar a riachtanas speisialta oideachais. 

Chun iarratas a dhéanamh 

Tosaíonn an t-iarratas leis an scoil ina bhfuil an leanbh cláraithe nó ag clárú. 

Seolann an scoil an t-iarratas ansin chuig an ERSO áitiúil lena phróiseáil.

Déanfaidh an ERSO:

– Seiceáileann an ERSO go gcomhlíonann an t-iarratas critéir na Roinne Oideachais agus Óige

– Seolann an ERSO an fhoirm chuig an Roinn

Ceadóidh an Roinn iarratais ar iompar scoile agus déanfaidh Bus Éireann measúnú ar na roghanna atá ar fáil. 

Coimhdire don dalta ar an mbus 

Mar chuid den iarratas, féadfaidh an ERSO coimhdire a mholadh le bheith in éineacht leis an dalta, má theastaíonn an tacaíocht sin uathu. 

Conas a bhfaighidh mo leanbh rochtain ar theicneolaíocht chúnta? 

Tá bainistíocht scoil do linbh freagrach as iarratas a dhéanamh ar theicneolaíocht chúnta do do leanbh. 

Ní mór tuairisc mheasúnaithe ó ghairmí ábhartha le gairid, gairmí amhail teiripeoir urlabhra agus teanga nó teiripeoir saothair, a bheith leis an iarratas.  

Ba chóir cur síos a bheith sa mheasúnú ar:

– Cineál agus nádúr mhíchumas an dalta

– An trealamh is oiriúnaí

Ansin seolann an scoil an t-iarratas chuig an eagraí riachtanais speisialta oideachais (ERSO) áitiúil. 

Déanfaidh an ERSO:

– An t-iarratas a sheiceáil lena dheimhniú an gcomhlíonann sé na critéir

– An fhoirm a sheoladh chuig an Roinn Oideachais agus Óige

Ceadóidh an Roinn iarratais ar theicneolaíocht chúnta agus cuirfidh sí an scoil ar an eolas faoin gcinneadh. 

Is féidir leat rochtain a fháil ar theicneolaíocht chúnta freisin trí Leabharlann Iasachtaí Teicneolaíochta Cúnta Chumas Éireann agus do leabharlann áitiúil.  

Cad é ról an Mhúinteora Cuartaíochta?

Cad é ról an mhúinteora cuartaíochta? 

Cuireann múinteoirí cuartaíochta tacaíocht fhadtéarmach ar fáil do leanaí, do theaghlaigh agus do scoileanna. Is féidir leo tacú le do leanbh ar feadh a thréimhse oideachais ar fad.   

Oibríonn siad chun:

– Tacaíocht bhaile a chur ar fáil do leanaí nach bhfuil ag dul ar scoil fós

– Tacú le réamhscoileanna iarratas a dhéanamh ar thacaíocht faoi AIM (an tSamhail Rochtana Ionchuimsithe)

– Tacú le daltaí iar-bhunscoile a dteastaíonn socrú réasúnach uathu i scrúduithe stáit agus an bealach rochtana ar oideachas do dhaoine faoi mhíchumas (DARE)

– Teicneolaíocht chúnta a mholadh do dhaltaí

Ullmhaíonn siad tuairiscí aistrithe freisin chun cur ar chumas leanaí aistriú (bogadh) ón:

– Réamhscoil go dtí an bhunscoil

– Bunscoil go dtí an iar-bhunscoil

– Iar-bhunscoil go dtí an tríú leibhéal

Cuireann múinteoirí cuartaíochta tacaíocht ar fáil do:

– Daltaí atá Bodhar/a bhfuil Laige Éisteachta acu

– Daltaí atá Dall nó a bhfuil Laige Amhairc acu

Cad é ról an Chomhairleora?

Oibríonn comhairleoirí chun:

– Forbairt ghairmiúil a chur ar fáil do mhúinteoirí agus do bhaill eile ar fhoireann na scoile

– Ábhair acmhainní úsáideacha a fhorbairt do scoileanna

Conas is féidir le mo leanbh rochtain a fháil ar thacaíochtaí sláinte?

Cuireann FSS tacaíochtaí sláintebhunaithe ar fáil trína seirbhísí líonra míchumais áitiúla.

Conas is féidir le mo leanbh rochtain a fháil ar sheirbhísí síceolaíochta sa scoil? 

Cuireann an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) tacaíochtaí síceolaíochta ar fáil do scoileanna.

Cad é an Contanam Tacaíochta agus conas a oibríonn sé?

Cuidíonn creat an chontanaim tacaíochta le scoileanna riachtanais na ndaltaí a aithint agus freagairt dóibh. Aithnítear faoin gcreat seo go dtarlaíonn riachtanais speisialta oideachais ar feadh contanaim. Ciallaíonn sé seo gur féidir leo a bheith idir éadrom agus dian, agus idir sealadach agus fadtéarmach.

D’fhéadfadh leibhéil éagsúla tacaíochta a bheith ag teastáil ó dhaltaí ag brath ar a riachtanais oideachais.

Is féidir tuilleadh a léamh faoin gcontanam tacaíochta anseo.

Cad atá i gceist leis an Múnla Ionchuimsithe Scoile (MIS)?

Is tionscadal píolótach é an múnla ionchuimsithe scoile atá ar siúl i 75 scoil i gCill Dara, Cill Mhantáin agus i nDeisceart Bhaile Átha Cliath.  

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal cur le cumas na scoileanna gach dalta a áireamh i saol na scoile. 

Déantar é seo trí thacaíochtaí oideachais, síceolaíochta agus sláinte-bhunaithe a chur ar fáil anuas ar thacaíochtaí FSS.  

Is iondúil go mbíonn na tacaíochtaí seo ar fáil sa scoil agus áirítear orthu:

– Teiripe shaothair

– Teiripe urlabhra agus teanga

– Cleachtóirí iompraíochta