Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí
Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí
Conas a thacaíonn CNOS le Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí?
Tacaíonn ár Seirbhís d’Fhoghlaim Ghairmiúil Múinteoirí (FGM) le múinteoirí gach dalta a chuimsiú.
Cé go dtacaímid le múinteoirí aonair, is é ár gcuspóir an scoil iomlán a chumhachtú. Is mian linn foghlaim ghairmiúil chomhchoiteann a fhorbairt chun cleachtas na múinteoirí agus foghlaim na ndaltaí a shaibhriú.
Mar mhúinteoir, is féidir leat páirt a ghlacadh inár gCóras Tacaíochta Il-Sraithe: Cosáin i dTreo Fás Ghairmiúil. Cuirtear éagsúlacht d’eispéiris foghlama ar fáil ann chun do chleachtadh a fheabhsú.
Tá trí phríomhchosán ann:
• An Cosán Réamhghníomhach: Is féidir leat páirt a ghlacadh i gcuir chuige uilíocha amhail seimineáir, seimineáir ghréasáin, podchraoltaí agus/nó seisiúin uile foirne a bhíonn leagtha amach agus eagraithe againn roimh ré.
• An Cosán Tacúil: Is féidir leat páirt a ghlacadh i gcuir chuige nó i straitéisí níos sainiúla atá dírithe ar réitigh.
• An Cosán Freagrúil: Is féidir leat an cleachtadh a leabú tuilleadh trí pháirt a ghlacadh i FGM saincheaptha. Tá sé seo bunaithe ar riachtanais chomhchosúla atá ag múinteoirí i scoileanna difriúla nó is féidir linn tacaíocht bhreise a shocrú le himeacht ama.
Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí
Tá suim agam freastal ar sheimineár nó ar sheimineár gréasáin FGM.
Tá réimse leathan eispéireas foghlama gairmiúla againn ó sheisiúin ghearra go roinnt laethanta. Cuireann roinnt FGM tacaíocht leantach ar fáil chun an fhoghlaim a leabú tuilleadh.
Is féidir leat rogha a dhéanamh idir a bheith ar an láthair nó ar líne ag am agus dáta a oireann duit.
Fiosraigh an iliomad seimineár agus seimineár gréasáin atá againn inár bhFéilire FGM nó inár leabhrán FGM bliantúil.
Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí
Tacaíocht FGM Scoile
Tá sé mar aidhm ag Tacaíocht FGM Scoile cleachtais teagaisc agus torthaí do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais a fheabhsú. Déanann ceannairí scoile machnamh ar a riachtanais foghlama agus déanann siad iarratas trí Thairseach Scoileanna CNOS.
Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí
Middletown Centre for Autism
Cuireann an Middletown Centre for Autism oiliúint ar fáil do mhúinteoirí atá ag obair le leanaí agus daoine óga a bhfuil uathachas orthu agus a bhfuil seimineár ‘Buntreoir ar an Uathachas’ de chuid CNOS críochnaithe acu.
Chun teacht a bheith agat ar oiliúint in ionad Middletown, féach ar Middletown Centre for Autism.
Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí
Tá suim agam tuilleadh a fháil amach faoi Mhaoiniú FGM
Tá suim agam tuilleadh a fháil amach faoi Mhaoiniú FGM
Cuirimid maoiniú ar fáil do na cúrsaí seo a leanas:
– Handwriting Without Tears
– Braille
– Lámh (foireann iomlán)
– Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL)
Déantar cúrsaí iarchéime i réimse na gcéadfaí (Bodhar/Laige Éisteachta nó Dall/Laige Amhairc) a mheas le haghaidh maoinithe freisin.
Iarraimid ar phríomhoidí scoile freisin cúrsaí ábhartha eile a mholadh lena meas.
Baineann an maoiniú seo le cúrsaí sonracha. Tá iarratais faoi réir coinníollacha agus buiséid áirithe.
Chun iarratas a dhéanamh:
– Íoslódáil agus líon isteach an t-iarratas ar mhaoiniú FGM
– Seol d’iarratas comhlánaithe chuig supportfunding@ncse.ie
Déanfaidh CNOS gach iarracht iarratais ar mhaoiniú a chinneadh chomh tapa agus is féidir, agus a chinntiú go bpróiseáiltear an íocaíocht gan mhoill. Mar sin féin, ní mór dúinn:
An próiseas airgeadais ceart a leanúint
Na foirmeacha agus an doiciméadacht cheart a fháil sula ndéantar íocaíocht
Déanfaimid cumarsáid go hoscailte leat chun moilleanna a sheachaint.