Acmhainní Teiripe Urlabhra agus Teanga do Mhúinteoirí
Acmhainní Teiripe Urlabhra agus Teanga do Mhúinteoirí
Leabhrán Tacaíochtaí Amhairc laistigh de Thimpeallacht Foghlama Ionchuimsitheach
Tá eolas, straitéisí agus acmhainní sa leabhrán seo a chuideoidh le múinteoirí áiseanna amhairc a úsáid chun tacú le gach dalta lena gcuid cumarsáide agus rannpháirtíochta ar scoil.
Cabhraíonn áiseanna amhairc, nuair a úsáidtear i seomraí ranga agus i spásanna roinnte iad mar chuid de chur chuige iomlán cumarsáide, le timpeallacht foghlama chuimsitheach a chruthú. Bíonn tacaíocht níos fearr ag daltaí sa timpeallacht seo chun tuiscint a fháil agus cumarsáid a dhéanamh i rith an lae.
Acmhainní Teiripe Urlabhra agus Teanga do Mhúinteoirí
Próiseáil Teanga Gestalt – Bileog ina bhfuil Comhairle do Mhúinteoirí
Sainmhínítear sa bhileog seo príomhthéarmaíocht a bhaineann le:
– Sealbhú Nádúrtha Teanga (SNT)
– Próiseáil Teanga Gestalt (PTG)
Cuirtear straitéisí praiticiúla ar fáil ann chun tacú le gach cineál sealbhaithe teanga, lena n-áirítear PTG. Tá sé bunaithe ar an gcleachtas is fearr in éineacht le taithí ghairmiúil na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta ag obair i scoileanna chun tacú le hionchuimsiú, rannpháirtíocht agus folláine na ndaltaí go léir.
Foireann Teiripe Urlabhra agus Teanga na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta a d’fhorbair an acmhainn seo.