Taighde
Taighde
Forléargas ar Chúrsaí Taighde
Ceann de na príomhróil reachtúla atá againn ná taighde a dhéanamh i réimse an oideachais speisialta.
Tá sé mar aidhm ag ár gclár taighde an t-eolas agus an tuiscint atá againn ar an dea-chleachtas i mbeartas oideachais agus i soláthar do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a neartú.
Oibrímid chun:
–Bonn láidir fianaise a fhorbairt trí thaighde piarmheasúnaithe ar ardchaighdeán a choimisiúnú nó a dhéanamh
– Taighde a úsáid chun cabhrú linn ár gcomhairle chleachtais do scoileanna agus comhairle bheartais don Aire a fhorbairt
– Páirtithe leasmhara a rannpháirtiú chun comhairle a chur orainn
– Dea-chleachtas san oideachas speisialta a chomhroinnt le tuismitheoirí, múinteoirí agus páirtithe leasmhara eile
– Cuidiú chun an bonneagar taighde a bhaineann le hoideachas speisialta ionchuimsitheach a neartú.
Taighde
An Fhoireann Taighde
Tá an Fhoireann Taighde comhdhéanta de:
– An Ceannasaí Airgeadais, Taighde agus Rialachais
– Beirt oifigeach taighde
Tá ár gclár taighde ar siúl ó 2008 i leith, faoi threoir ár gCoiste Taighde.
I measc chomhaltaí an Choiste tá:
– Peter Archer, iar-Phríomhfheidhmeannach an Ionaid Taighde Oideachais
– Dharragh Hunt, Comhairleoir Sinsearach Beartais & Gnóthaí Poiblí san Údarás Náisiúnta Míchumais
– Catherine Cross, Leas-Phríomhfheidhmeannach le Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí
– Yvonne Kennedy, Stiúrthóir Réigiúnach, An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais
Taighde
An Chomhdháil Bhliantúil Taighde
Óstálann CNOS comhdháil bhliantúil taighde, i mí na Samhna de ghnáth, gach bliain. Is féidir le gach páirtí leasmhar, lena n-áirítear múinteoirí, tuismitheoirí, taighdeoirí, agus lucht déanta beartais, freastal uirthi.
Déantar cuir i láthair ag an gComhdháil ar ár dtionscadail taighde choimisiúnaithe, agus tugann príomhchainteoirí idirnáisiúnta cainteanna freisin ar ábhair éagsúla.
Chun clárú ar liosta ríomhphoist na comhdhála, seol ríomhphost chuig research@ncse.ie.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoinár gcomhdháil taighde, lena n-áirítear sonraí ó chomhdhálacha roimhe seo, ag an nasc thíos.
Taighde
Tuarascálacha Taighde
Is féidir leat bailiúchán dár dtuarascálacha taighde foilsithe a fheiceáil.
Taighde
Clár Taighde Cleachtais-Bhunaithe CNOS
Tacaíonn Clár Taighde Cleachtais-Bhunaithe (PBR) CNOS le cleachtóirí laistigh de scoileanna nó de ghrúpaí scoileanna chun taighde a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le hionchuimsiú agus oideachas speisialta.
Tá roinnt aidhmeanna ag an gclár:
– Acmhainneacht agus scileanna taighde oideoirí a fhorbairt
– Eispéiris teagaisc agus foghlama an oideachais ionchuimsithigh agus speisialta a fheabhsú do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí trí thaighde agus fianaise
– Caidrimh a fhorbairt idir institiúidí ardoideachais agus scoileanna
– Bailiúchán fianaise taighde agus foghlama comhroinnte a fhorbairt bunaithe ar fhíorchleachtas.
Tá comhoibriú déanta againn le roinnt IAOnna chun oiliúint a chur ar chleachtóirí chun tacú leo i dtaighde laistigh dá scoileanna féin. Tá seacht gcinn de IAOnna rannpháirteach faoi láthair.
Déan teagmháil le research@ncse.ie le haghaidh tuilleadh eolais
Taighde
Tionscadail Taighde Reatha
Faigh tuilleadh eolais faoinár dtaighde reatha ag an nasc thíos.
Taighde
Tairiscintí Taighde
Coimisiúnaímid ár dtionscadail taighde de réir na dtreoirlínte soláthair phoiblí. De réir mar a thiocfaidh tairiscintí nua chun cinn, fógrófar iad ar an suíomh Gréasáin seo agus ar shuíomh Gréasáin eTenders an rialtais.