Hands stacked together in a gesture of teamwork

Stair

Stair CNOS

Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí oideachais do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu de bharr míchumais, le béim ar thacaíocht a thabhairt do leanaí.

Bunaíodh í ar dtús mar chomhlacht reachtúil neamhspleách le hordú ón Aire Oideachais agus Eolaíochta i mí na Nollag 2003, agus bunaíodh CNOS go foirmiúil faoin Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu, 2004 (Acht EPSEN) an 1 Deireadh Fómhair 2005.

Leagtar amach in Acht EPSEN feidhmeanna ginearálta agus freagrachtaí sonracha na Comhairle maidir le forálacha an Achta a chur i bhfeidhm. Is é an príomhchuspóir a chinntiú go gcomhlíontar go héifeachtach cearta agus riachtanais oideachais na ndaltaí faoi mhíchumas.

Tugar forléargas ar ár gcuid feidhmeanna ar an leathanach seo.

People in business attire holding interlocking wooden gears to represent teamwork

Stair

Feidhmeanna na Comhairle

Tugtar achoimre ar ár bpríomhfheidhmeanna thíos.

Maidir le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, déanaimid:

– Soláthar na seirbhísí oideachais agus tacaíochta a phleanáil agus a chomhordú
– Eolas a roinnt faoi dhea-chleachtais
– Eolas a chur ar fáil do thuismitheoirí faoina dteidlíochtaí
– Acmhainní a mheas agus a athbhreithniú
– Monatóireacht agus athbhreithniú ar dhul chun cinn leanaí

Déanaimid freisin:

– Athbhreithniú ar an soláthar oideachais do dhaoine fásta faoi mhíchumas
– Comhairle a chur ar fhorais oideachais maidir le dea-chleachtas
– Dul i gcomhairle le comhlachtaí deonacha
– Comhairle a chur ar an Aire maidir le ceisteanna a bhaineann le hoideachas speisialta
– Taighde agus torthaí a fhoilsiú

(Tá an achoimre seo bunaithe ar Alt 20 d’Acht EPSEN.)

Two professionals reviewing information on a tablet at a desk

Stair

Feidhmeanna Breise na Comhairle

Tá feidhmeanna sonracha againn freisin a bhaineann le príomhfhorálacha an Achta, amhail measúnú agus pleananna oideachais aonair.

Mar chuid dár gcuid oibre, téimid i gcomhairle go díreach le páirtithe leasmhara. Is é ár bhFóram Comhairleach náisiúnta an áit inar féidir lenár bpáirtithe leasmhara go léir a dtuairimí a chur in iúl.

Nuair a bunaíodh an Chomhairle ar dtús, ullmhaíodh Tuarascáil Cur Chun Feidhme inar tugadh eolas faoin gcaoi a gcomhlíonfaimis an ról agus na cuspóirí atá againn.

Red human icon as a gear tooth between two large teal gears

Stair

Neamhspleáchas Oibriúcháin

Tá leibhéil éagsúla neamhspleáchais againn agus sinn i mbun ár gcuid oibre. Ní mór dúinn oibriú laistigh de pharaiméadair bheartais reatha atá eistithe ag an Aire Oideachais agus Óige nuair atá an beartas reatha á chur i bhfeidhm againn. Ní mór dúinn freisin na forálacha a bhaineann le leibhéal na dtacaíochtaí agus/nó na n-acmhainní atá ar fáil i gcásanna áirithe a leanúint.

Sna réimsí taighde agus comhairle don Aire, tá saoirse ag an gComhairle dul i mbun taighde a mheasann sí a bheith riachtanach. Cuirimid comhairle ar an Aire freisin bunaithe ar an taighde seo agus ar an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm na mbeartas reatha.

Wooden blocks with phone, mail, email, and chat icons

Stair

Cumarsáid

Cuirimid fáilte roimh do thuairimí agus d’aiseolas ar ár gcuid oibre.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trínár leathanach Déan Teagmháil Linn.