Peter Archer – Beathaisnéis

Peter Archer a member of the Council appointed by the Minister for Education

Comhairle CNOS

Peter Archer

D’éirigh Peter Archer as bheith ina Phríomhfheidhmeannach ar an bhForas Taighde ar Oideachas (FTO) i Meán Fómhair 2018 tar éis breis agus naoi mbliana déanta aige sa ról sin.

Sa bhliain 1972 a chuir Peter tús lena ghairm bheatha sa FTO. Bhog sé chuig Comhdháil na nOrd Crábhaidh in Éirinn in 1988 áit ar chaith sé 12 bhliain ag obair ina thaighdeoir agus anailísí beartais. D’fhill sé ar FTO go déanach sa bhliain 1999 ina Chomhalta Taighde.

Le linn a ghairm bheatha, bhí sé páirteach in go leor cineálacha taighde agus forbartha ag gach leibhéal oideachais. Tá suim ar leith aige i saincheisteanna cuimsithe shóisialta agus sa cheangal atá idir taighde agus beartas.