Pat Goff – Beathaisnéis

Pat Goff part of the NCSE working group that produced a report on a Proposed New Model of Support for students with additional care needs.

Comhairle CNOS

Pat Goff

Tá Pat Goff ina Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Líonra Príomhoidí Bunscoile na hÉireann (IPPN) ó Mheán Fómhair 2015. Bhí sé ina Uachtarán ar an IPPN ó 2009 go 2011.

Chaith Pat dhá théarma ina bhall den Fhóram Comhairliúcháin Náisiúnta um Oideachas Speisialta, lena n-áirítear téarma amháin ina chomhchathaoirleach. Tá cuir i láthair déanta aige mar chleachtóir ar oideachas riachtanas speisialta do cheannairí scoile ag iliomad comhdhálacha go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Tugadh cuireadh do Phat a bheith páirteach i nGhrúpa Oibre CNOS a chuir tuarascáil ar mhúnla nua molta tacaíochta do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise cúraim acu i dtoll a chéile.

Chaith Pat beagnach 20 bliain ina phríomhoide ar Scoil Mhuire sna Botha Fuara, Loch Garman agus bhí foireann ar a raibh 71 duine, lena n-áirítear 46 múinteoir, 19 Cúntóir Riachtanas Speisialta agus 6 ball foirne breise faoina stiúir. Chríochnaigh sé Máistreacht i mBainistíocht Oideachais i 1996.

Is mór ag Comhairle CNOS taithí ollmhór Pat ina mhúinteoir agus ina cheannaire scoile, chomh maith lena chuid oibre leis na céadta ceannaire scoile san IPPN.