Eileen Daly – Beathaisnéis
Comhairle CNOS
Eileen Daly
Tá Eileen ag obair faoi láthair le Rehab Group ag cur seirbhísí agus tacaíochtaí ar fáil do mhic léinn faoi mhíchumas agus do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste oideachais i mBord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá sí ag obair sna seirbhísí tacaíochta mac léinn le seacht mbliana déag. Faoi láthair, tá sí ag obair freisin ina Treoirchomhairleoir i gColáiste Breisoideachais an Phiarsaigh.
Tá taithí ag Eileen ar róil éagsúla laistigh de mhíchumas, abhcóideacht, oideachas agus fostaíocht. Tá sí ag obair san ardoideachas agus sa bhreisoideachas ina hoifigeach míchumais agus ina cleachtóir gairmthreorach ag tacú le mic léinn faoi mhíchumas ag céimeanna éagsúla den aistriú oideachais ó 2002.
Is as Contae Chorcaí ó dhúchas Eileen ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath ó 1994. Bhog sí go Baile Átha Cliath chun tús a chur lena cuid staidéir sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhain sí Baitsiléir san Eolaíocht Shóisialta amach sa bhliain 1997. Is comhairleoir treorach cáilithe agus cóitseálaí saoil/gairme í.