Caroline Quinn – Beathaisnéis
Comhairle CNOS
Caroline Quinn
Tá Caroline Quinn i ngairm na múinteoireachta le breis agus 40 bliain. Chuaigh sí ar scor ó bheith ina príomhoide ar Scoil Náisiúnta Cailíní Mhuire na Dea Comhairle i mBaile Sheáin i gCill Iníon Léinín in 2022 tar éis 16 bliana.
Tá Caroline ina ball de Choiste Feidhmiúcháin Chumann Náisiúnta na mBord Bainistíochta san Oideachas Speisialta ó 2015 agus bhí sí ina Cathaoirleach ar an gCoiste ó 2020-2021.
Bhí Caroline ina ball freisin de Chomhairle Náisiúnta Líonra Príomhoidí Bunscoile na hÉireann (IPPN) agus tá ar Fhoireann Tacaíochta Ceannaireachta IPPN faoi láthair le spéis ar leith san oideachas cuimsitheach agus speisialta i mbunscoileanna.
Bhí Caroline ina ball den Fhoireann Náisiúnta Tacaíochta don Churaclam Bunscoile 1999-2003 agus chuir sí oiliúint inseirbhíse ar fáil do scoileanna ar roinnt gnéithe de Churaclam na Bunscoile. Bhí sí ina léachtóir san oideachas in Institiúid Oideachais Marino i réimsí na litearthachta agus an oideachais drámaíochta ó 2003-2006.
Tá oiliúint inseirbhíse curtha ar fáil ag Caroline san Ostair agus i Lucsamburg, trína cuid oibre ina comhordaitheoir ar an leibhéal áitiúil agus náisiúnta leis an Tionscadal “Scríobh Leabhar”