CNOS Foilseacháin Ráitis Straitéise

Ráitis Straitéise

Icons of a light bulb, scales, eye, mountain with flag, and handshake connected by arrows

Ráitis Straitéise

Ráiteas Straitéise 2023 – 2026

Leagtar amach i Ráiteas Straitéise 2023-2026 CNOS an clár oibre a bhfuilimid tiomanta dó sna trí bliana amach romhainn.

Is é an fhís atá againn córas oideachais ionchuimsitheach den scoth a bheith ann d’Éirinn.

Léirítear sa straitéis an fhorbairt atá tagtha ar CNOS chun freastal ar an riachtanas níos mó inár gcóras oideachais, le hinfheistíocht bhreise de bheagnach €13m déanta ag an Rialtas ann mar chuid de Bhuiséad 2023.

Magnifying glass focusing on a checklist icon surrounded by check mark and award symbols.

Ráitis Straitéise

Straitéis Sonraí 2025-2028

Leagtar amach inár Straitéis Sonraí 2025-2028 mar a athróimid an bealach a bhainistímid, a roinnimid agus a úsáidimid sonraí chun tacú níos fearr le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Ag cur le comhairliúchán agus le measúnú, tugtar aghaidh sa Straitéis seo ar na lancaisí atá orainn faoi láthair agus leagtar amach mar is féidir linn freastal ar na héilimh atá ar ár seirbhís, éilimh atá ag méadú.

Abstract icons of cloud computing, networking, data analysis, and document management

Ráitis Straitéise

Néal-Straitéis TCF 2025 – 2028

Leagtar amach sa Straitéis seo amach an chaoi a bhfuil sé i gceist againn ár seirbhís faisnéise, cumarsáide agus teicneolaíochta (ICT) a nuachóiriú. Sonraítear inti mar a chuirfimid réitigh dhigiteacha shlána inscálaithe ar fáil a chuireann an t-úsáideoir sa lár.
Cuireann sí seo lenár Straitéis Sonraí. Tá sí ag teacht le beartais dhigiteacha náisiúnta, lena n-áirítear Creat Digiteach Éireann agus Cónascadh Rialtais 2030.