Comhairle Beartais
CNOS
Comhairle Beartais CNOS
Cuireann an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta comhairle beartais ar fáil don Aire Oideachais agus Óige maidir le hoideachas speisialta do dhaltaí agus d’ógánaigh. Tá ár gcomhairle neamhspleách, faoi stiúir saineolaithe agus bunaithe ar fhianaise.
Is féidir leat eolas agus naisc a fháil ar an leathanach seo chuig ár ndoiciméid ar chomhairle beartais le déanaí a théann siar go dtí 2013.
2024
Comhairle Beartais
Páipéar ar Chomhairle Beartais CNOS ar Scoileanna Speisialta agus Ranganna Speisialta: Oideachas Ionchuimsitheach do Shochaí Ionchuimsitheach
Páipéar ceannródaíoch maidir le comhairle beartais ar scoileanna speisialta agus ranganna speisialta foilsithe ag CNOS
Nóta: Rinneadh tagairt do ‘Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim’ i leagan níos luaithe den Pháipéar Comhairle Beartais seo, áit ar cheart ‘Dearadh Uilíoch’ nó “uilíoch” a bheith in úsáid. Tá ceartúcháin curtha san áireamh sa leagan seo de pháipéar 39, 63, 75, 80, 109, 113, 118]. Rinneadh tagairt don acrainm do Bodhar/Laige Éisteachta mar “HH” áit ar cheart “DHH” a bheith in úsáid. Tá ceartúcháin curtha san áireamh sa leagan seo den pháipéar [lgh. v, 63].
Comhairle Beartais
An tAthbhreithniú Litríochta
Léigh an tAthbhreithniú Litríochta a bhaineann le comhairle beartais maidir leis an soláthar oideachais do dhaltaí i scoileanna speisialta agus i ranganna speisialta.
Comhairle Beartais
An tAthbhreithniú Riaracháin Idirnáisiúnta
Léigh an tAthbhreithniú Riaracháin Idirnáisiúnta ar sholáthar speisialaithe do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
2019
Comhairle Beartais
Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn – Comhairle Beartais ar Scoileanna Speisialta agus Ranganna Speisialta
Tugtar achoimre sa tuarascáil ar dhul chun cinn seo ar dhul chun cinn CNOS suas go dtí 2019 ar iarraidh ar chomhairle beartais ón Aire maidir le ról na scoileanna speisialta agus na ranganna speisialta
2018
Comhairle Beartais
Athbhreithniú Ionchuimsitheach ar Scéim na gCúntóirí Riachtanas Speisialta
Múnla Nua Ionchuimsithe Scoile chun na Tacaíochtaí Cearta a Chur ar fáil
ag an Am Ceart do Dhaltaí a bhfuil Riachtanais Bhreise Cúraim acu.
Is féidir leat ár ngrafaic eolais a léamh freisin ina leagtar amach próiseas, torthaí agus moltaí an athbhreithnithe.
Comhairle Beartais
Treoir ar an Athbhreithniú Ionchuimsitheach do thuismitheoirí/caomhnóirí agus do dhaltaí
Is treoir atá sa leabhrán seo ar an bpáipéar beartais do thuismitheoirí, do chaomhnóirí agus do dhaltaí
Comhairle Beartais
Tuarascáil ón nGrúpa Oibre Tras-Earnála
Moladh múnla nua tacaíochta sa tuarascáil seo do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise cúraim acu. Grúpa Oibre CNOS a d’fhorbair é, faoi stiúir Chathaoirleach CNOS, Eamon Stack.
Comhairle Beartais
Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir leis an Athbhreithniú Ionchuimsitheach ar Scéim na gCúntóirí Riachtanas Speisialta
Leagtar amach sa tuarascáil seo an dul chun cinn a bhí déanta suas go dtí Bealtaine 2017 ar an Athbhreithniú Ionchuimsitheach ar Scéim na gCúntóirí Riachtanas Speisialta
Comhairle Beartais
Tuarascáil ón nGrúpa Oibre Tras-Earnála
Rinne an Grúpa Oibre Tras-Earnála athbhreithniú ar an soláthar altranais do leanaí a bhfuil riochtaí casta leighis orthu, lena n-áirítear leanaí a fhreastalaíonn ar scoileanna speisialta. Áiríodh comhaltaí ó na heagraíochtaí seo a leanas sa ghrúpa:
– Na Ranna Oideachais agus Scileanna, Sláinte, Leanaí agus Gnóthaí Óige
– CNOS
– Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
– Sainchliniceoir
2016
Ag Tacú le Daltaí Uathacha i Scoileanna
Comhairle Beartais
Ag Tacú le Daltaí Uathacha i Scoileanna: Páipéar Comhairle Beartais Uimh. 5 CNOS
Comhairle Beartais
Ag Tacú le Daltaí Uathacha i Scoileanna: Treoir do Thuismitheoirí/Caomhnóirí agus do Dhaltaí
2014
Múnla nua molta chun acmhainní teagaisc a leithdháileadh do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
Comhairle Beartais
Soláthar do Dhaltaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu.
Comhairle Beartais
Soláthar do Dhaltaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu: Treoir do Thuismitheoirí/Caomhnóirí agus do Dhaltaí
2013
Comhairle Beartais
Ag Tacú le Daltaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu i Scoileanna
Tá áthas ar CNOS foilsiú an pháipéir seo maidir le comhairle beartais a fhógairt.