An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015
An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015
Cad is Brústocaireacht ann?
Is éard is brústocaireacht ann nuair a dhéanann daoine aonair nó eagraíochtaí iarracht tionchar a imirt ar chinnteoirí amhail polaiteoirí trí chruinnithe a bheith acu leo, trí thaighde agus trí mhodhanna eile.
Tá an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 ceaptha chun eolas a chur ar fáil don phobal maidir le cé atá ag déanamh brústocaireachta, cé air a bhfuil siad á déanamh agus cad faoi an bhrústocaireacht.
Is féidir tuilleadh eolais agus an clár brústocaireachta ar líne a fháil ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ag www.lobbying.ie.
Ar an leathanach seo, leagaimid amach conas a chomhlíonann an CNOS a cuid ceanglais dlí maidir le brústocaireacht.
An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015
Oifigigh Phoiblí Ainmnithe
Ceanglaítear le hAlt 6(4) den Acht ar gach comhlacht poiblí liosta d’oifigigh phoiblí ainmnithe an chomhlachta a fhoilsiú.
Tá dhá phríomhchuspóir leis an liosta seo:
1. A chur ar chumas daoine den phobal a aithint cé atá ina oifigeach poiblí ainmnithe
2. A chur ar chumas brústocairí atá i mbun tuairisceán a chomhdú chuig an gClár an duine ceart a aithint lena lua.
An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015
Cé hé an tOifigeach Poiblí Ainmnithe san CNOS?
Is é an tOifigeach Poiblí Ainmnithe (OPA) laistigh den Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta:
John Kearney, Príomhfheidhmeannach, An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
Déantar an ceapachán seo faoi Alt 24 den Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu, 2004. Luaitear ann go ndéanfaidh an Príomhfheidhmeannach bainistiú agus rialú ginearálta ar fhoireann, ar riarachán agus ar ghnó na Comhairle, agus go gcomhlíonfaidh sé nó sí feidhmeanna eile a fhéadfaidh an Chomhairle a thabhairt dó nó di.
An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015
Grúpaí Oibre atá ag Feidhmiú faoin gCód Trédhearcachta
Faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, ní mór faisnéis a bhaineann le haon ghrúpaí oibre atá ag feidhmiú faoin gCód Trédhearcachta a fhoilsiú.
Maidir leis na grúpaí oibre seo, ar a dtugtar “comhlachtaí iomchuí”, cáilíonn siad do chumarsáid dhíolmhaithe ón Acht um Brústocaireacht a Rialáil agus ní mór dóibh a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh de réir na gcritéar atá leagtha amach sa Chód Trédhearcachta.
Níl aon Ghrúpaí Oibre ag feidhmiú faoin CNOS faoi láthair.