Tacaíocht FGM Scoile
Tacaíocht FGM Scoile
Cad is Tacaíocht Foghlama Gairmiúla Múinteoirí Scoile ann?
Seasann Tacaíocht FGM Scoile do Thacaíocht Foghlama Gairmiúla Múinteoirí (FGM).
Tá sé mar aidhm ag FGM cleachtais teagaisc agus torthaí a fheabhsú do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Is do scoileanna agus do mhúinteoirí an leathanach seo. Leagtar amach ann:
– An bealach a phróiseálaimid d’iarratas ar FGM
– An córas tacaíochta atá againn: Cosáin i dTreo Fás Gairmiúil
– Conas iarratas a dhéanamh
Tacaíocht FGM Scoile
Ba mhaith liom iarratas a dhéanamh ar thacaíocht FGM scoile
Nuair a dhéanann tú iarratas ar thacaíocht FGM scoile, déanfaidh bainisteoir ar cheann d’fhoirne áitiúla CNOS athbhreithniú ar d’iarratas.
Má tá do scoil páirteacha cheana féin i dtionscnamh tacaíochta leanúnaí de chuid CNOS, déanfaidh do chomhairleoir sannta nó d’éascaitheoir iompraíochta agus folláine d’iarratas a bhainistiú.
Pléitear gach iarratas eile ag na cruinnithe a bhíonn againn dhá uair sa mhí. Is ansin a dhéantar cinneadh ar an tacaíocht is fearr mar chuid dár gCosáin i dTreo Fás Gairmiúil agus rachaimid i dteagmháil leat.
Tacaíocht FGM Scoile
Cosáin i dTreo Fás Gairmiúil
Tá Tacaíocht Foghlama Gairmiúla do Mhúinteoirí Scoile (FGM) bunaithe ar chóras tacaíochta ilshraitheach, Cosáin i dTreo Fás Gairmiúil.
Tá trí chosán ann lena n-áirítear:
– An Cosán Réamhghníomhach: Foghlaim neamhspleách le seimineáir ghréasáin, cúrsaí agus acmhainní.
–An Cosán Tacúil: Tacaíocht phearsantaithe chun straitéisí a phlé agus a phleanáil a oirfidh do do riachtanais
–An Cosán Freagrúil: FGM saincheaptha do ghrúpaí múinteoirí ó scoileanna éagsúla nó FGM do scoileanna le himeacht ama le haghaidh athrú fadtéarmach
Glac beagán ama chun féachaint ar ár bhfíseán nó ár treoir dhigiteach agus ar atá i gciest.
Tairseach Scoileanna CNOS
Seol d’iarratas ar Thacaíocht FGM ar aghaidh
Chun iarratas a chur ar aghaidh,
– Logáil isteach ar thairseach scoileanna CNOS
– Cruthaigh ticéad tacaíochta Nua
– Roghnaigh Tacaíocht Scoile ón roghchlár cineál.
– Líon isteach na réimsí riachtanacha
– Cliceáil seol ar aghaidh
Is féidir iarratas a dhéanamh freisin ar Thairseach na Scoileanna le haghaidh FGM ar nós:
– Tacaíocht ó Chomhairleoir i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann
– Tacaíocht maidir le Curaclam Scoileanna Speisialta
Nuair a bheidh d’iarratas faighte againn, rachaimid i dteagmháil leat, tríd an tairseach nó ar an teileafón, laistigh de dheich lá scoile.