Athbhreithniú maidir le TOS
Athbhreithniú maidir le TOS
Cad is Athbhreithniú TOS ann?
Más léir nach bhfuil scoil in ann freastal ar riachtanais an ghrúpa iomláin leanaí agus daoine óga, is féidir athbhreithniú TOS a dhéanamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar leithdháileadh teagaisc oideachais speisialta (TOS) na scoile sin.
Úsáidtear an próiseas seo nuair a thagann imthosca uathúla chun cinn i scoil a mbeadh athbhreithniú práinneach ag teastáil ina leith. Ní mór tionchar mór a bheith ag na himthosca sin ar an scoil.
Déantar cur síos ar an leathanach seo ar:
– Na dátaí tábhachtacha
– An próiseas iarratais
– Mar is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh ar athbhreithnú TOS
Dátaí Tábhachtacha
| Application Window Opens | Application Window Closes |
|---|---|
| Monday 13th April 2026 | Friday 01st May 2026 |
Athbhreithniú maidir le TOS
An chaoi chun athbhreithniú a iarraidh ar do leithdháileadh TOS
Ba chóir go mbeadh a Leithdháiltí TOS nuashonraithe do 2026/27 faighte ag do scoil ar ríomhphost ón CNOS.
Má tá cúinsí uathúla i do scoil a chiallaíonn go bhféadfadh sé nach leor an leithdháileadh seo, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Athbhreithniú ar Leithdháileadh TOS.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Thairseach Scoileanna CNOS ón Luan an 13 Aibreán 2026 go dtí an Aoine 1 Bealtaine 2026.
Léigh na ciorcláin ábhartha agus Treoirlínte maidir le hAthbhreithniú TOS CNOS sula ndéanann tú iarratas ar athbhreithniú (naisc thíos).
Athbhreithniú maidir le TOS
Treoirlínte Athbhreithnithe TOS
Cuirtear eolas riachtanach ar fáil sa chuid seo do cheannairí scoile chun tacú leis an bpróiseas Athbhreithnithe TOS.
Áirítear ann na Treoirlínte Athbhreithnithe TOS is déanaí ó CNOS. Leagtar amach iontu:
– Na cúiseanna ar féidir le scoil iarratas a dhéanamh
– Cur síos mion ar an bpróiseas athbhreithnithe
– A bhfuiltear ag súil leat a dhéanamh chun an t-athbhreithniú a éascú
Féach freisin na ciorcláin ábhartha ón Roinn Oideachais agus Óige. Cuirtear comhthéacs polasaí agus eolas ar fáil iontu sin faoin gcaoi a ndéantar próifíl oideachais gach scoile a oibriú amach.
Athbhreithniú maidir le TOS
Ciorcláin na Roinne Oideachais & Óige
Féach ar na ciorcláin a thugann eolas ar phróiseas an Athbhreithnithe TOS.
Athbhreithniú maidir le TOS
Foirmeacha Iarratais
Athbhreithniú maidir le TOS
Foirm Iarratais do Bhunscoileanna
ATHBHREITHNIÚ TOS
Foirm Iarratais d’Iar-bhunscoileanna
Tairseach Scoileanna CNOS
Cuir ar aghaidh d’iarratas ar Athbhreithniú TOS
Cuir d’iarratas le haghaidh Athbhreithniú TOS isteach ar Thairseach Scoileanna CNOS.
Nóta: Osclóidh an tréimhse iarratais Dé Luain an 13 Aibreán agus dúnfar í Dé hAoine an 01 Bealtaine 2026
Chun iarratas a chur isteach,
– Logáil isteach ar Thairseach Scoileanna CNOS
– Cruthaigh ticéad tacaíochta Nua
– Roghnaigh ‘Athbhreithniú Eisceachtúil TOS do sheomraí ranga príomhshrutha’ ón roghchlár Cineál.
– Comhlánaigh na réimsí riachtanacha
– Cinntigh go gceanglaíonn tú d’fhoirm iarratais chomhlánaithe
– Cliceáil Cuir Isteach