An Clár Náisiúnta Píolótach Altranais do Leanaí a bhfuil Riachtanais Cúraim Sláinte Chasta acu
An Clár Náisiúnta Píolótach Altranais
Forléargas ar an gClár Píolótach
Is scéim phíolótach náisiúnta é an Clár Náisiúnta Píolótach Altranais do Leanaí a bhfuil Riachtanais Cúraim Sláinte Chasta acu a chuireann CNOS ar fáil i gcomhpháirt le FSS.
Maoiníonn FSS Pacáistí Cúraim Baile Péidiatraiceacha (PCBPanna) faoi láthair. Fágann siad sin gur féidir le soláthraithe roghnaithe comhaontaithe cúram altranais a chur ar fáil sa bhaile do leanaí a bhfuil riachtanais cúraim sláinte chasta acu.
Leis an scéim phíolótach seo, is féidir síneadh a chur leis an PCBP chun go mbeidh sé ar fáil i scoileanna. Is féidir le haltra freastal ar scoil leis an dalta anois ar feadh líon uaireanta comhaontaithe in aghaidh na seachtaine, agus taisteal chuig an scoil agus ón scoil leo, más gá.
Tá critéir incháilitheachta ann a chaithfidh daltaí agus scoileanna a chomhlíonadh. Is féidir leat tuilleadh eolais a fáil ar na bileoga ag bun an leathanaigh seo.
Déanfaidh FSS agus CNOS an clár píolótach a mheas chun eolas a chur ar fáil faoin gcaoi a gcuirfear tacaíocht altranais ar fáil amach anseo do dhaltaí a bhfuil riachtanais cúraim sláinte chasta acu.
An gcuirfidh sé seo isteach ar na seirbhísí altranais atá ann cheana féin?
Ní chuirfidh. Tá altraí ag go leor scoileanna faoi láthair, go háirithe ag scoileanna speisialta, a mhaoinítear ar bhealaí eile. Ní chuirfidh an Clár Píolótach seo isteach ar na seirbhísí ná ar na tacaíochtaí altranais atá i scoileanna cheana féin.
Tá altraí ar an láthair i go leor scoileanna faoi láthair, go háirithe i scoileanna speisialta, a mhaoinítear trí shocruithe éagsúla. Ní chuirfidh an tseirbhís phíolótach na seirbhísí ná na tacaíochtaí altranais atá i scoileanna cheana féin as riocht.
An Clár Náisiúnta Píolótach Altranais
Conas iarratas a dhéanamh
Is ar an scoil atá an fhreagracht iarratas a dhéanamh chuig CNOS thar ceann an linbh agus an fhoirm a chur ar aghaidh.
Foirm a fháil
Má fhaigheann do scoil iarratas ar thacaíocht altranais faoin scéim seo, déan teagmháil le do SENO áitiúil chun comhairle agus treoir a fháil. Is féidir foirm iarratais atá cosanta ag pasfhocal a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig NursingSupport@ncse.ie.
Tá 3 chuid san fhoirm. Ní mór na trí chuid sin a chomhlánú agus a shíniú sula gcuirtear an fhoirm ar aghaidh.
– Cuid A: Le comhlánú ag an scoil
– Cuid B: Le comhlánú ag FSS
– Cuid C: Le comhlánú ag tuismitheoir nó caomhnóir
Conas d’fhoirm a chur ar aghaidh
Ní mór don scoil cóip ríomhphoist agus cóip chrua a sheoladh chugainn tríd an bpost.
Ríomhphost: NursingSupport@NCSE.ie
Seoladh poist:
CNOS, 4ú Urlár, Foirgneamh Metropolitan, Sráid James Joyce, Baile Átha Cliath 1. D01 KOY8
Féach an fhoirm chun tuilleadh treorach a fháil.
Conas a dhéanaimid an t-iarratas a sheiceáil
Le linn an phróisis iarratais, déanfaimid a leanas:
– Deimhneoimid go bhfuil an dalta incháilithe
– Socróimid líon na n-uaireanta altranais
– Sainaithneoimid tacaíochtaí scoile eile a theastaíonn
– Deimhneoimid go bhfuil tacaíocht ar fáil
– Déanfaimid athbhreithniú ar aistriú an dalta isteach sa scoil agus seiceálfaimid dul chun cinn an dalta sin.
Do Theagmhálaí chun Tacaíocht a fháil
Déanfaidh do ERSO áitiúil tacaíocht agus cumarsáid do scoileanna a chomhordú faoin scéim. Is féidir leis an ERSO eolas a chur ar fáil faoi incháilitheacht, faoi iarratais agus faoi chéimeanna níos déanaí sa phróiseas.
Féach thíos chun bileoga eolais do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí, do scoileanna agus d’oibrithe cúraim sláinte a fháil.