Scoileanna Speisialta
Scoileanna Speisialta
Cad is scoil speisialta ann?
Tacaíonn scoileanna speisialta le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais shuntasacha chasta acu.
Is scoileanna náisiúnta iad scoileanna speisialta ina gcuirtear oideachas bunscoile agus/nó iar-bhunscoile ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga idir 4 agus 18 mbliana d’aois.
Chun áit a fháil i scoil speisialta, ní mór tuairisc ghairmiúil a bheith faighte ag an leanbh ina luaitear:
– Go bhfuil riachtanas speisialta oideachais ag an leanbh
– Go bhfuil an riachtanas chomh casta sin go moltar áit don leanbh i scoil speisialta
Bíonn cóimheas níos ísle idir daltaí agus múinteoirí i scoileanna speisialta bunaithe ar chatagóir an mhíchumais. Ciallaíonn sé sin gur líon beag daltaí a bhíonn sna ranganna.
Bíonn múinteoir amháin le haghaidh gach ochtar daltaí ag scoil speisialta a bhfuil míchumas measartha ginearálta foghlama ar na daltaí.
Bíonn ainmniúchán sonrach ag gach scoil speisialta. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh míchumas diagnóisithe a bheith ag dalta atá ag teacht le hainmniúchán sonrach na scoile. Mar shampla, uathachas, míchumais mheasartha nó dhomhain ghinearálta foghlama agus bodhar/laige éisteachta.
Scoileanna Speisialta
Foirmeacha Iarratais do Scoileanna Speisialta
Sa chuid seo tá:
– Foirmeacha a bhaineann le scoileanna speisialta a bhainistiú
– Iarratais ar iompar scoile agus ar theicneolaíocht chúnta
Scoileanna Speisialta
Tacaíocht Churaclaim do Scoileanna Speisialta
Tacaíonn CNOS le gach scoil speisialta i dtaobh cur i bhfeidhm (tabhairt isteach de réir a chéile) Churaclam na Bunscoile ar an leibhéal náisiúnta.