Treoirlínte agus Iarratais do Scoileanna Príomhshrutha a bhfuil Ranganna Speisialta acu
Treoirlínte agus Iarratais do Scoileanna Príomhshrutha a bhfuil Ranganna Speisialta acu
Iarratas a dhéanamh ar Iompar Scoile
Déanann CNOS iarratais ar iompar scoile do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu phróiseáil.
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór do scoileanna:
– An fhoirm iarratais a chomhlánú
– Tuairisc/tuairiscí gairmiúla a áireamh
– Na doiciméid go léir a sheoladh chuig a n-eagraí riachtanais speisialta oideachais (ERSO) áitiúil
Ansin seolfaidh an ERSO an t-iarratas chuig an Rannóg Iompair Scoile sa Roinn Oideachais, a dhéanann cinneadh ar gach iarratas.
Treoirlínte agus Iarratais do Scoileanna Príomhshrutha a bhfuil Ranganna Speisialta acu
Iarratas ar Theicneolaíocht Chúnta
Déanann CNOS iarratais ar theicneolaíocht chúnta do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a phróiseáil.
Úsáid:
Foirm 3 do dhaltaí faoi 18 mbliana d’aois
Foirm 3A do dhaltaí 18 mbliana d’aois nó níos sine
Treoirlínte agus Iarratais do Scoileanna Príomhshrutha a bhfuil Ranganna Speisialta acu
An fhoirm Fógra maidir le Rollú
Is do scoileanna an fhoirm seo chun fógra a thabhairt do CNOS go bhfuil áit tairgthe acu do dhalta i scoil speisialta nó i rang speisialta de réir chritéir iontrála na scoile.
Seol d’fhoirm chomhlánaithe chuig do ERSO áitiúil ar an bpost nó ar ríomhphost.
Treoirlínte agus Iarratais do Scoileanna Príomhshrutha a bhfuil Ranganna Speisialta acu
Treoir Mhearthagartha maidir le Riachtanais Chúraim
Is Treoir Mhearthagartha an doiciméad seo ina dtugtar achoimre ar riachtanais chúraim atá leagtha amach i gCiorclán ROE 0030/2014.
Liostaítear cásanna inti ina bhféadfadh cúnamh ó dhuine fásta a bheith ag teastáil ó dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu, amhail:
– Ag ithe agus ag ól
– Ag úsáid an leithris
– Ag bogadh timpeall an tseomra ranga agus na scoile
– Riarachán leighis, mar shampla cabhrú le cógais
– Maoirseacht
– Tacaíocht chumarsáide agus churaclaim