Ranganna Speisialta
Ranganna Speisialta
Cad is rang speisialta ann?
Cuireann ranganna speisialta i scoileanna príomhshrutha timpeallacht foghlama thacúil ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais chasta acu.
Chun áit a fháil i scoil speisialta, ní mór do leanbh tuairisc ghairmiúil a bheith aige ina luaitear:
– Go bhfuil riachtanais speisialta oideachais ag an leanbh
– Go bhfuil rang speisialta molta ag an ngairmí
Bíonn cóimheas níos ísle idir daltaí agus múinteoirí ag ranganna speisialta de réir chatagóir an mhíchumais. Ciallaíonn sé seo go mbíonn líon níos lú daltaí sna ranganna.
Mar shampla:
– Bíonn múinteoir amháin in aghaidh gach ochtar leanaí ag rang speisialta do leanaí a bhfuil míchumais mheasartha foghlama ghinearálta acu
– Bíonn múinteoir amháin in aghaidh gach seisear leanaí ag rang speisialta do leanaí le huathachas
Déantar athbhreithniú gach bliain ar áit an dalta sa rang speisialta. Ba cheart go nglacfadh an t-athbhreithniú seo riachtanais agus dul chun cinn an dalta san áireamh.
Ba cheart go gcuirfeadh ranganna speisialta ar chumas leanaí oideachas a fháil in éineacht le daltaí eile trí ghrúpaí ó ranganna speisialta agus ranganna príomhshrutha a mheascadh i rith an lae.
Cuirtear rang speisialta ar bun tar éis plé agus comhaontú ó:
– CNOS
– Scoileanna
– Teaghlaigh daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
– Pátrúin scoile
– Comhlachtaí bainistíochta
– An Roinn Oideachais
– Páirtithe leasmhara ábhartha eile
Ranganna Speisialta
Treoirlínte agus Foirmeacha Iarratais do Ranganna Speisialta
Sa chuid seo tá:
– Treoirlínte ranganna speisialta do phríomhoidí agus do bhoird bhainistíochta
– Foirmeacha a bhaineann le ranganna speisialta a bhainistiú
– Iarratais ar thacaíocht CRS, ar iompar scoile agus ar theicneolaíocht chúnta
Ranganna Speisialta
Treoirlínte maidir le Ranganna Speisialta a Bhunú agus a Eagrú
Tugtar treoir sna treoirlínte seo do scoileanna nuair atá siad ag bunú, ag eagrú agus ag cur foireann ar fáil do ranganna speisialta i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna príomhshrutha.
Tá siad ábhartha go háirithe do bhoird bhainistíochta.
Ba cheart iad a léamh in éineacht le Treoirlínte Aistrithe CNOS
Ranganna Speisialta
Liosta de Scoileanna Príomhshrutha a bhfuil Ranganna Speisialta iontu
Foilsíonn CNOS liosta gach bliain de na bunscoileanna agus de na hiar-bhunscoileanna príomhshrutha a bhfuil ranganna speisialta iontu.