Ceannairí Scoile
Ceannairí Scoile
Ag Tacú le Ceannairí Scoile: Oideachas Ionchuimsitheach a Chumasú
Tacaíonn an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) le ceannairí scoile timpeallachtaí foghlama ionchuimsitheacha a chruthú inar féidir le gach dalta a bheith faoi bhláth.
Cuidímid le príomhoidí agus le foirne ceannaireachta chun dul i ngleic le réimse casta na riachtanas speisialta oideachais trí na nithe seo a chur ar fáil:
– Saintreoir
– Deiseanna forbartha gairmiúla
– Comhairle shaincheaptha
Is féidir treoir ar na nithe seo a leanas a áireamh mar chuid de sin:
– Pleanáil le haghaidh tacaíochtaí breise teagaisc
– Rochtain ar acmhainní
– Cleachtais ionchuimsitheacha a chur i bhfeidhm
Táimidne anseo chun a chinntiú go bhfuil an t-eolas agus na huirlisí atá ag teastáil uaitse i do cheannaire scoile agat chun d’fhoirne a threorú go muiníneach agus go hiochuimsitheach.
Gheobhaidh tú eolas ar an leathanach seo agus naisc chuig roinnt de na tacaíochtaí agus na líonraí atá ar fáil ar féidir leat leas a bhaint astu.
Ceannairí Scoile
Líonra Tacaíochta
In CNOS, tá líonra náisiúnta de:
– Eagraithe riachtanas speisialta oideachais (ERSOnna)
– Múinteoirí cuartaíochta
– Comhairleoirí
– Bainisteoirí foirne
Oibríonn na gairmithe seo i bhfoirne réigiúnacha chun tacú le scoileanna acmhainní agus seirbhísí oideachais speisialta cuí a chur ar fáil do leanaí.
Tacaíonn Foireann Riaracháin Cheanncheathrú CNOS lenár bhfoirne réigiúnacha. Cinntíonn siad freisin go gcuirtear ár bhfeidhmeanna corparáideacha i bhfeidhm.
Ceannairí Scoile
Eolas agus treoirlínte maidir le seirbhísí agus tacaíochtaí a chuireann CNOS ar fáil
Cuirimid saineolas ar fáil maidir le gach gné den oideachas speisialta lena n-áirítear:
– Measúnú ar riachtanais
– Tacaíocht foghlama gairmiúla do mhúinteoirí scoile
– Tacaíocht maidir le curaclam scoileanna speisialta
– Athbhreithniú agus achomharc maidir le cúntóirí riachtanas speisialta
– Athbhreithniú ar leithdháileadh maidir le huaireanta teagaisc oideachais speisialta (TOS)
– Teicneolaíocht chúnta
– Iompar scoile
– An Clár Píolótach Náisiúnta Altranais
Uaireanta TOS, Múinteoirí Ranganna Speisialta agus Leithdháiltí Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna)
Gach bliain, leithdháileann CNOS na huaireanta teagaisc oideachais speisialta (TOS), múinteoirí ranganna speisialta agus cúntóirí riachtanas speisialta (CRSanna) do scoileanna chun tacú le daltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu.
Is féidir leat na leithdháiltí reatha agus san am atá caite a fheiceáil de réir scoile agus bliana sa nasc thíos.
Acmhainní do Cheannairí Scoile
Is féidir le Ceannairí Scoile teacht ar acmhainní lena n-áirítear uirlisí praiticiúla, treoir agus eolas atá leagtha amach chun tacú le hoideachas ionchuimsitheach i seomraí ranga.
Faigh tuilleadh eolais faoi
– An tSeirbhís Teiripe Oideachais (STO)
– NCSE Relate
– Treoir Dea-Chleachtais do Scoileanna maidir le hUathachas – Ag Tacú le Leanaí agus Daoine Óga
Ranganna Speisialta
Faigh eolas faoi ranganna speisialta lena n-áirítear:
– Treoirlínte maidir le rang speisialta a bhunú agus a eagrú
– Foirmeacha iarratais chun ranganna speisialta atá ann cheana a bhainistiú
– Liosta de scoileanna príomhshrutha a bhfuil ranganna speisialta acu
Scoileanna Speisialta
Faigh eolas faoi thacaíochtaí scoileanna speisialta a bhainistiú agus faoin dtacaíocht a chuirimid ar fáil maidir le Curaclam Scoileanna Speisialta.
Tá treoirlínte agus foirmeacha sa chuid seo maidir le hiompar scoile agus teicneolaíocht chúnta.