Acmhainní Teiripe Saothair do Mhúinteoirí
Acmhainní Teiripe Saothair do Mhúinteoirí
An Dara hEagrán de Spásanna Céadfacha i Scoileanna
Tacaíonn an leabhrán seo le foireann na scoile machnamh a dhéanamh ar ról an spáis chéadfaigh.
(Is seomra é spás céadfach inar féidir spás a chur ar fáil do dhaltaí a bhféadfadh scíth a bheith ag teastáil uathu ó thimpeallacht ghnóthach agus ghlórach.)
Más múinteoir tú, is féidir leis an leabhrán cabhrú leat:
– Smaoineamh ar an dea-chleachtas nuair atá spás céadfach á shocrú
– An chaoi leis an spás a úsáid go héifeachtach chun tacú le gach dalta
Trí theoiric agus cleachtas a mheascadh, cuirtear cuir chuige phraiticiúla ar fáil chun tacú le héagsúlachtaí céadfacha agus cuirtear macnamh ar ról na spásanna céadfacha chun an tacaíocht is fearr á tabhairt do gach dalta.
Acmhainní Teiripe Saothair do Mhúinteoirí
An Timpeallacht Fhisiciúil sa Seomra Ranga: Spásanna Foghlama Uilíocha a Chruthú
Is féidir leis an leabhrán seo cabhrú leat timpeallachtaí foghlama cuimsitheacha agus inoiriúnaithe a chruthú a rachaidh chun tairbhe do gach dalta. Scrúdaítear ann straitéisí agus uirlisí praiticiúla is féidir leat a chur i bhfeidhm go héasca i do sheomra ranga.
Trí dhíriú ar an seomra ranga fisiciúil, tá sé mar aidhm leis an leabhrán:
– Rannpháirtíocht na ndaltaí a fheabhsú
– Bacainní ar an bhfoghlaim a laghdú
– Áit a chruthú ina mbraitheann gach dalta ar a shuaimhneas
Acmhainní Teiripe Saothair do Mhúinteoirí
Uirlis Scagtha Chéadfaigh Seomra Ranga
Tá a fhios againn inár gcáil mar mhúinteoirí gur féidir le tréithe céadfacha ár seomraí ranga tionchar mór a imirt ar rannpháirtíocht agus ar fhoghlaim na ndaltaí. Is féidir le spásanna foghlama, a mbaineann an iomarca nó nach mbaineann a ndóthain ábhar spreagtha chéadfaigh leo, bacainn a chur ar aird an dalta agus ar a ullmhacht dul i mbun foghlama.
Trí úsáid a bhaint as an Uirlis Scagtha Chéadfaigh, is féidir leat iniúchadh céadfach a dhéanamh ar do sheomra chun:
– Na gnéithe de do sheomra ranga atá ag obair go maith a fháil amach
– Seomra ranga níos compordaí ó thaobh na gcéadfaí de a chruthú
Acmhainní Teiripe Saothair do Mhúinteoirí
Sosanna Gluaiseachta i Seomraí Ranga Iar-Bhunscoile
Is féidir leat smaointe agus straitéisí gluaiseachta simplí a fhoghlaim ón leabhrán seo a mbeidh tú in ann a úsáid i do sheomra ranga gan aon ghá le trealamh ná le spásanna móra.
Is féidir leis cabhrú leat leibhéil fuinnimh na ndaltaí a rialáil agus a n-aird a choinneáil.
Is féidir leat na gníomhaíochtaí gluaiseachta a úsáid mar rang iomlán nó iad a chur in oiriúint do dhaltaí agus iad ina suí agus ina seasamh.