Líonra Tacaíochta
Líonra Tacaíochta
Eagraí Riachtanais Speisialta Oideachais (ERSO)
Oibríonn ERSOnna chun a chinntiú go bhfaigheann leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais (RSO) acu na tacaíochtaí oideachais cuí.
Oibríonn siad go díreach le:
– Scoileanna
– Tuismitheoirí agus caomhnóirí
– Páirtithe leasmhara eile
Líonra Tacaíochta
Múinteoirí Cuartaíochta
Cuireann Múinteoirí Cuartaíochta treoir, teagasc, agus foghlaim ghairmiúil ar fáil d’oideachasóirí agus do thuismitheoirí. Is múinteoirí cáilithe iad a bhfuil scileanna speisialaithe acu a thacaíonn le:
– Leanaí atá Bodhar/a bhfuil Laige éisteachta acu
– Leanaí atá Dall/a bhfuil Laige amhairc acu
Líonra Tacaíochta
Bainisteoirí Foirne
Bíonn bainisteoirí foirne i gceannas ar fhoirne áitiúla CNOS. Oibríonn siad chun a chinntiú go bhfaigheann daltaí na tacaíochtaí cearta ina scoileanna. Bíonn Bainisteoirí Foirne i gceannas ar:
– ERSOnna
– Comhairleoirí
– Múinteoirí cuartaíochta
Líonra Tacaíochta
An Phríomhoifig – Tacaíocht Riaracháin
Tá ról ríthábhachtach ag ár bhFoireann Tacaíochta Riaracháin chun a chinntiú go n-oibríonn ár bpríomhfheidhmeanna go réidh.