Acmhainní do Mhúinteoirí
Acmhainní do Mhúinteoirí
Acmhainní Teiripe
Tá acmhainní forbartha ag CNOS chun tacú le múinteoirí straitéisí a bhaineann le teiripe urlabhra agus teanga agus teiripe saothair a thuiscint agus a chur i bhfeidhm.
Relate an CNOS
Tá ár n-acmhainn chuimsitheach Relate leagtha amach d’fhoireann na scoile chun gur féidir leo tuiscint níos fearr a fháil ar iompar daltaí agus dearcadh nua a ghlacadh ina leith. Cuireann sé caidrimh i gcroílár gach tacaíochta.
Cuireann Relate an cur chuige rialú ar dtús i bhfeidhm chun daltaí a thuiscint agus tacú leo. Ciallaíonn rialú na fachtóirí a aithint a théann i bhfeidhm ar ár:
– Leibhéal fuinnimh
– Mothúcháin
– Aird
– Iompar
Acmhainní do Mhúinteoirí
Múinteoirí Oideachais Speisialta
Faigh tuilleadh eolais faoi ról an Mhúinteora Oideachais Speisialta.
Is creat é an Múnla Teagaisc Oideachais Speisialta (TOS) a úsáidtear chun acmhainní teagaisc breise a leithdháileadh chun tacú le daltaí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta (ROS) acu i scoileanna príomhshrutha. Tá eolas ar an Múnla TOS san alt seo.
Acmhainní do Cheannairí Scoile
Treoir Dea-Chleachtais do Scoileanna maidir le hUathachas – Ag Tacú le Leanaí agus le Daoine
Óga
Is acmhainn seo do scoileanna chun tacú le folláine, le foghlaim agus le rannpháirtíocht i gcúrsaí oideachais leanaí agus daoine óga a bhfuil uathachas orthu.
An Roinn Oideachais a bhí ina bun.