Treoirlínte agus Iarratais do Cheannairí Scoile
Treoirlínte agus Iarratais do Cheannairí Scoile
Eolas agus treoirlínte maidir le seirbhísí agus tacaíochtaí a chuireann CNOS ar fáil
Ar an leathanach seo, is féidir leat eolas a fháil faoin méid seo a leanas:
– Measúnú ar Riachtanais
– Tacaíocht Foghlama Gairmiúla Múinteoirí Scoile
– Tacaíocht Churaclaim do Scoileanna Speisialta
– Athbhreithniú maidir le Cúntóirí Riachtanas Speisialta
– Athbhreithniú maidir le Teagasc Oideachais Speisialta
– Teicneolaíocht chúnta
– Iompar scoile
– An Clár Náisiúnta Píolótach Altranais
Treoirlínte agus Iarratais do Cheannairí Scoile
Measúnú ar Riachtanas
Leis an measúnú ar riachtanas (MR), is féidir le tuismitheoirí nó le caomhnóirí iarratas a dhéanamh chuig FSS chun riachtanais sláinte agus oideachais linbh nó duine óig a rugadh an 1 Meitheamh 2002 nó ina dhiaidh a mheas.
Má chinneann FSS go bhféadfadh riachtanais oideachais a bheith ann, iarrann sí ar CNOS eolas a bhailiú ó scoileanna chun cabhrú leis na riachtanais a aithint agus le cur síos a dhéanamh orthu.
Is próiseas reachtúil é an MR faoin Acht um Míchumas, 2005.
Treoirlínte agus Iarratais do Cheannairí Scoile
Tacaíocht FGM Scoile
Is Foghlaim Ghairmiúla Múinteoirí (FGM) í Tacaíocht FGM Scoile.
Tá sé mar aidhm ag ár FGM feabhas a chur ar chleachtais teagaisc agus ar thorthaí do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Treoirlínte agus Iarratais do Cheannairí Scoile
Tacaíocht Churaclaim do Scoileanna Speisialta
Tugaimid tacaíocht do gach scoil speisialta maidir le cur i bhfeidhm (tabhairt isteach de réir a chéile) Churaclam na Bunscoile ar an leibhéal náisiúnta.
Treoirlínte agus Iarratais do Cheannairí Scoile
Tacaíocht Chomhairleora ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann
Má tá daltaí i do scoileanna atá Bodhar nó Lagéisteachta agus a úsáideann Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ), is féidir leat iarratas a dhéanamh ar ár seirbhís Comhairleora TCÉ.
Is féidir leis an tacaíocht seo cabhrú leat muinín agus cumas na scoile uile a neartú i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) ionas gur féidir le daltaí rochtain a fháil ar fhoghlaim.
Treoirlínte agus Iarratais do Cheannairí Scoile
Athbhreithniú maidir le Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS)
Is próiseas foirmiúil é Athbhreithniú maidir le Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS) chun leithdháiltí CRS i scoileanna a athbhreithniú.
Tá dhá chineál Athbhreithnithe maidir le CRS ann:
– Is féidir leis an scoil é a iarraidh le linn na tréimhse iarratais
– Is féidir le CNOS an t-athbhreithniú a stiúradh
Treoirlínte agus Iarratais do Cheannairí Scoile
Achomharc maidir le Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS)
Le hAchomharc maidir le Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS), is féidir le scoil cur i gcoinne chinneadh an Athbhreithnithe maidir le Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRS) go foirmiúil.
Treoirlínte agus Iarratais do Cheannairí Scoile
Athbhreithniú maidir le TOS
Más léir nach bhfuil scoil in ann freastal ar riachtanais an ghrúpa iomláin leanaí agus daoine óga, is féidir athbhreithniú maidir le TOS a dhéanamh.
Úsáidtear an próiseas seo nuair a thagann imthosca uathúla chun cinn i scoil a mbeadh athbhreithniú práinneach ag teastáil ina leith. Ní mór tionchar mór a bheith ag na himthosca sin ar an scoil.
Treoirlínte agus Iarratais do Cheannairí Scoile
Teicneolaíocht Chúnta
Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig CNOS ar fheidhmchláir teicneolaíochta cúnta do dhaltaí incháilithe.
Déanfaimid athbhreithniú ar an iarratas agus déanfaimid moladh ina leith. Ansin seolaimid chuig an Roinn Oideachais agus Óige é i gcomhair cinnidh.
Treoirlínte agus Iarratais do Cheannairí Scoile
Iompar Scoile
Próiseálaimid iarratais ar iompar scoile do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Treoirlínte agus Iarratais do Cheannairí Scoile
Clár Náisiúnta Píolótach Altranais do Leanaí a bhfuil Riachtanais Cúraim Sláinte Chasta acu
Tacaíonn an scéim phíolótach seo le scoileanna agus le teaghlaigh chun a chinntiú gur féidir le leanaí a bhfuil riachtanais cúraim sláinte chasta acu rochtain a fháil ar chúram altranais le linn an lae scoile.
Comhordaímid an clár píolótach le FSS. Is é an ról atá againn iarratais a bhainistiú agus incháilitheacht a dhearbhú.