Foirmeacha Iarratais do Scoileanna Speisialta
Foirmeacha Iarratais do Scoileanna Speisialta
Iarratas ar Iompar Scoile
Iarratas ar Iompar Scoile
Próiseálann CNOS iarratais ar iompar scoile do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór do scoileanna:
– An fhoirm iarratais a líonadh isteach
– Tuairisc ghairmiúil/tuairiscí gairmiúla a chur ar aghaidh
– Gach doiciméad a sheoladh chuig a n-eagraí riachtanais speisialta oideachais (ERSO) áitiúil
Seolfaidh an ERSO an t-iarratas ansin chuig an Rannóg Iompair Scoile sa Roinn Oideachais, agus is iadsan a dhéanann cinneadh ar gach iarratas.
Foirmeacha Iarratais do Scoileanna Speisialta
Foirm le haghaidh Fógra Rollaithe
Is do scoileanna an fhoirm seo chun gur féidir leo fógra a thabhairt do CNOS nuair a thairgeann siad áit do dhalta i scoil speisialta nó i rang speisialta de réir chritéir iontrála na scoile.
Seol d’fhoirm chomhlánaithe chuig do ERSO áitiúil sa phost nó trí ríomhphost.
Foirmeacha Iarratais do Scoileanna Speisialta
Iarratas ar Theicneolaíocht Chúnta
Próiseálann CNOS iarratais ar theicneolaíocht chúnta do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Is féidir leat úsáid a bhaint as:
– Foirm 3 do dhaltaí faoi 18
– Foirm 3A do dhaltaí atá 18 agus os a chionn