Circular diagram with icons of a school, a checklist, and a user profile

Achomharc maidir le Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRS)

Cad is Achomharc maidir le Cúntóir Riachtanas Speisialta ann?

Le hAchomharc CRS, is féidir le scoil dúshlán foirmiúil a thabhairt in aghaidh cinnidh a tugadh ar Athbhreithniú CRS.
Leagtar amach ar an leathanach seo:

– An uair is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Achomharc CRS
– Na treoirlínte atá le leanúint
– An chaoi le achomharc a dhéanamh

Critéir incháilitheachta le haghaidh Achomharc CRS

Ní féidir iarratas a dhéanamh ar achomharc ach amháin nuair atá athbhreithniú ar leithdháileadh CRS na scoile (Athbhreithniú CRS) déanta cheana féin. 

Ní mór duit achomharc a dhéanamh laistigh de 10 lá ó dháta litir thorthaí an athbhreithnithe.


Person using a stylus to mark items on a digital checklist


Achomharc maidir le Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRS)

Treoirlínte le haghaidh Achomharc CRS

Inár dtreoirlínte, is féidir leat an próiseas agus na critéir atá i gceist chun achomharc a dhéanamh ar chinntí a eascraíonn as Athbhreithniú CRS a léamh.

Person in a suit writing on paper with a pen at a desk

Achomharc maidir le Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRS)

Foirm Achomhairc

Chun achomharc a dhéanamh:

– Comhlánaigh an fhoirm achomhairc
– Cuir ar aghaidh mar cheangaltán ar Thairseach CNOS í

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil thíos.

Tairseach Scoileanna CNOS

Cuir d’iarratas ar Achomharc CRS ar aghaidh

Chun iarratas a chur ar aghaidh,
– Logáil isteach ar Thairseach Scoileanna CNOS
– Cruthaigh Ticéad tacaíochta nua
– Roghnaigh Achomharc CRS ón roghchlár Cineál.
– Ceangail d’Fhoirm Achomhairc chomhlánaithe
– Cliceáil Déan Iarratas

Nuair a bheidh an t-iarratas faighte, déanfaidh CNOS teagmháil leat, tríd an tairseach nó ar an bhfón, laistigh de dheich lá scoile.