Múinteoirí Acmhainní do Mhúinteoirí Múinteoirí Oideachais Speisialta An tSamhail um Múinteoirí Oideachais Speisialta (TOS) – Bunscoileanna

An tSamhail um Múinteoirí Oideachais Speisialta (TOS) – Bunscoileanna

Children and a teacher working together with colourful counting blocks at a classroom table

Samhail TOS – Bunscoileanna

Cad í an tSamhail TOS – Bunscoileanna?

Soláthraíonn teagasc oideachais speisialta (TOS) tacaíocht bhreise do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais aitheanta acu.

Ciallaíonn samhail maidir le leithdháileadh TOS go bhfuil acmhainní ráthaithe ar fáil go sonrach chun an tacaíocht seo a sholáthar. Tá an tacaíocht bunaithe ar chreat an chontanaim tacaíochta.

Is treoir céim ar chéim é creat an chontanaim tacaíochta chun:
– Láidreachtaí agus riachtanais an duine óig a aithint
– Na tacaíochtaí cearta a aimsiú dóibh
– Monatóireacht a dhéanamh ar a bhforbairt le himeacht ama

Aithnítear leis an gcreat seo:
– gur féidir le riachtanais a bheith idir éadrom agus suntasach, agus idir shealadach agus fhadtéarmach
– go bhféadfadh leibhéil éagsúla tacaíochta a bheith ag teastáil ó dhaoine óga ag brath ar a riachtanais
– go bhféadfadh riachtanais athrú le himeacht ama

Ar an leathanach seo, cuirimid nasc chuig eolas ábhartha ar fáil do cheannairí scoile chun cabhrú leo leis an tSamhail TOS agus leis an gcontanam tacaíochta.

Samhail TOS – Bunscoileanna

Ciorcláin

Féach ar chiorcláin na Roinne Oideachais agus Óige a bhaineann leis an tSamhail TOS – Bunscoileanna.

Ciorclán 0064/2024 – Oibriú/cur i bhfeidhm agus imscaradh acmhainní Múinteoirí Oideachais Speisialta.

Ciorclán 0004/2025 – Leagtar amach anseo an leithdháileadh múinteoirí oideachais speisialta (TOS) do scoilbhliain 2025/26.

Colorful interconnected icons representing community, teamwork, and collaboration

Samhail TOS – Bunscoileanna

Treoirlínte do Bhunscoileanna

Is féidir leis na treoirlínte seo cuidiú le do scoil maidir le d’acmhainní teagaisc oideachais speisialta i dtaobh an chaoi le hiad a eagrú lena n-úsáid (a imscaradh).

Ina theannta sin, cuirtear eolas ar fáil do scoileanna sna Treoirlínte maidir le:

– Prionsabail
– Róil agus freagrachtaí
– An chaoi le riachtanais a aithint agus freagairt dóibh ar fud an chontanaim tacaíochta
– Tacú le haistrithe
– Pleananna tacaíochta do dhaltaí
– Teimpléid agus tuilleadh acmhainní ar chleachtas éifeachtach

Colorful interconnected icons representing community, teamwork, and collaboration

Samhail TOS – Bunscoileanna

Acmhainní do Cheannairí Scoile agus Múinteoirí – Táscairí ar Chleachtas Éifeachtach do Bhunscoileanna

Cuirtear treoir phraiticiúil ar fáil i ndoiciméad na dTáscairí chun cabhrú le scoileanna feabhas a chur ar an gcaoi a dtacaíonn siad le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i ranganna príomhshrutha.

Leagtar amach ann príomhphrionsabail an oideachais ionchuimsithigh agus an próiseas a bhaineann leis an gcontanam tacaíochta.

Is féidir leat na táscairí a úsáid mar chuid den phróiseas Féinmheastóireachta Scoile (FMS).

Is treoir iad do gach ball foirne lena n-áirítear:
– Ceannairí scoile
– Múinteoirí oideachais speisialta
– Múinteoirí ranga

Cuirtear samplaí ar fáil i gCuid 3 de chomhaid tacaíochta do dhaltaí agus de phleananna tacaíochta. Léirítear iontu seo an chaoi gur féidir leat an próiseas réitigh fadhbanna a úsáid chun láidreachtaí, spéiseanna agus riachtanais daoine óga a aithint ag pointí éagsúla den chontanam tacaíochta.

Samhail TOS – Bunscoileanna

Tacaíocht Teagaisc Oideachais Speisialta – Treoir do Leanaí

Tá eolas sa treoir agus bileog seo atá oiriúnach do leanaí faoi na tacaíochtaí oideachais atá ar fáil dóibh ar scoil.

Person writing notes while working on a laptop at a desk

Samhail TOS – Bunscoileanna

Eolas do Thuismitheoirí/Caomhnóirí

Is treoir thagartha thapa í seo do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí faoin tacaíocht teagaisc oideachais speisialta atá ar fáil i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna.