An Ghníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta agus um Oideachas Ionchuimsitheach (EASNIE)
An Ghníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta agus um Oideachas Ionchuimsitheach (EASNIE)
Cad í an Ghníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta agus um Oideachas Ionchuimsitheach (EASNIE)?
Is eagraíocht neamhspleách í an Ghníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta agus Oideachas Ionchuimsitheach (EASNIE) a chuidíonn le ranna oideachais i mBallstáit comhoibriú a dhéanamh.
Tacaíonn an Ghníomhaireacht le córas oideachais ionchuimsithigh a fhorbairt chun:
– A chinntiú go bhfuil teacht ag gach foghlaimeoir ar dheiseanna oideachais ionchuimsitheacha agus cothroma.
– Saol na bhfoghlaimeoirí a fheabhsú
– Cabhrú le foghlaimeoirí páirt a ghlacadh sa tsochaí
Ar an leathanach seo, is féidir leat léamh faoina bhfís, a gcuspóir, rannpháirtíocht na hÉireann i dtionscadail agus an áit ar féidir féachaint ar thaifeadtaí dá gcuid seimineár gréasáin.
An Ghníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta agus um Oideachas Ionchuimsitheach (EASNIE)
Cad é a bhfís agus a gcuspóir?
Is í an fhís chomhroinnte go gcuirtear deiseanna oideachais bríocha, ar ardchaighdeán ar fáil do gach foghlaimeoir d’aon aois ina bpobal áitiúil, in éineacht lena gcairde agus lena bpiaraí.
Is é an príomhchuspóir cabhrú le Ballstáit a mbeartas agus a gcleachtas oideachais a fheabhsú. Déantar é seo trí pheirspictíochtaí an bheartais, an chleachtais agus an taighde a chomhcheangal chun eolas agus treoir bunaithe ar fhianaise a chur ar fáil do Bhallstáit agus do pháirtithe leasmhara ar leibhéal na hEorpa maidir le hoideachas ionchuimsitheach a chur i bhfeidhm.
Glacann Éire páirt go mór agus leanann sí de bheith páirteach i dtionscadail leanúnacha.
Tá go leor doiciméad, uirlisí agus acmhainní úsáideacha cruthaithe ag Ballstáit chun tacú le pobail scoile agus tá nasc chucu sin curtha againn ar an leathanach seo.
An Ghníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta agus um Oideachas Ionchuimsitheach (EASNIE)
Bliain mhór í 2026
Beifear ag comóradh 30 bliain de chomhoibriú i dtreo fís chomhroinnte do thodhchaí an oideachais ionchuimsithigh in 2026.
Chun an bhliain thábhachtach seo a chomóradh, beidh EASNIE ina óstach ar Chomhráite Ionchuimsitheachta – sraith seimineár gréasáin a dhéanfaidh iniúchadh ar phríomhthéamaí, ar dhúshláin agus ar fhorbairtí atá ag múnlú an oideachais ionchuimsithigh ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.
Beidh Stiúrthóir EASNIE, João Costa, ina óstach ar sheimineáir ghréasáin na gComhráite Ionchuimsitheachta, a thabharfaidh príomhghuthanna sa réimse le chéile chun léargais, taighde agus peirspictíochtaí praiticiúla a roinnt ar an oideachas ionchuimsitheach agus ar a thodhchaí.
An Ghníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta agus um Oideachas Ionchuimsitheach (EASNIE)
Rannpháirtíocht na hÉireann i dTionscadail na Gníomhaireachta Eorpaí
Féach na naisc thíos le haghaidh:
– Eolas maidir le rannpháirtíocht na hÉireann i dtionscadail na Gníomhaireachta Eorpaí
– Acmhainní a fhéadfaidh tacú le pobail scoile.
An Ghníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta agus um Oideachas Ionchuimsitheach (EASNIE)
An Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil
Tá Éire páirteach faoi láthair san Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (ITT).
Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo cumas na hÉireann agus na Fionlainne a fheabhsú chun ionchuimsitheacht a gcóras oideachais a chothú.
An Ghníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta agus um Oideachas Ionchuimsitheach (EASNIE)
Córais Mhonatóireachta agus Mheastóireachta i mBeartas Oideachais Ionchhuimsithigh
Oibríonn ionadaithe tíortha EASNIE le piaraí ar fud na hEorpa chun córais oideachais a gcuid tíortha a phlé
– Príomhcheisteanna
– Dúshláin,
– Láidreachtaí agus deiseanna
Déantar é seo trí Ghníomhaíochtaí Téamacha Cnuasaigh Tíortha amhail:
Na Córais Mhonatóireachta agus Mheastóireachta i mBeartas Oideachais Ionchuimsithigh (CMMBOI) .
Féachann an grúpa seo (cnuasach) ar chórais mhonatóireachta agus mheastóireachta atá ann cheana féin agus ar an ról atá acu i bhforbairt beartais oideachais ionchuimsithigh.
Áirítear ann an Chróit, Éire, Málta, an tSeirbia agus an Ríocht Aontaithe (Sasana).
Córais Mhonatóireachta agus Mheastóireachta i mBeartas Oideachais Ionchuimsithigh
An Ghníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta agus um Oideachas Ionchuimsitheach (EASNIE)
Foilseacháin, Uirlisí agus Acmhainní chun tacú le pobail scoile – Guthanna i mbun Gnímh
Oibríonn comhaltaí le chéile chun acmhainní úsáideacha a chruthú chun tacú le ceannairí scoile agus lena bpobail scoile.
Rinne tionscadal Guthanna i mbun Gnímh (GiG) scrúdú ar:
– Guthanna na bhfoghlaimeoirí agus a dteaghlach a áireamh
– An bealach le hiad a áireamh go héifeachtach i gcinnteoireacht.
An Ghníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta agus um Oideachas Ionchuimsitheach (EASNIE)
Foilseacháin, Uirlisí agus Acmhainní chun tacú le pobail scoile – Guthanna i mbun Gnímh
Oibríonn comhaltaí le chéile chun acmhainní úsáideacha a chruthú chun tacú le ceannairí scoile agus lena bpobail scoile amhail:
BRIES – Teacht Aniar a Fhorbairt trí Chórais Oideachais ionchuimsitheacha
Rinne BRIES scrúdú ar:
– An gcaoi a chuir paindéim COVID-19 isteach ar chórais oideachais san Eoraip,
– Na ceachtanna a foghlaimíodh
– An gcaoi chun deis a dhéanamh de ghéarchéim chun teacht aniar a fhorbairt agus folláine a chur chun cinn.
Is féidir leat an Treoir chun Cultúr Cumarsáide Éifeachtaí san Oideachas a Bhunú a léamh thíos.
An Ghníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta agus um Oideachas Ionchuimsitheach (EASNIE)
Seimineáir Ghréasáin
Tá réimse seimineár gréasáin éascaithe agus óstáilte ag an nGníomhaireacht Eorpach. Chun teacht ar na fhíseáin uile ó sheimineáir ghréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí, téigh chuig a leathanach YouTube.