Eamon Clavin – Beathaisnéis
Comhairle CNOS
Eamon Clavin
Is iar-Chigire Rannáin sa Roinn Oideachais é Eamon Clavin. Sula ndeachaigh sé ar scor, bhí sé ceangailte le hAonad Tacaíochta Oideachais Múinteoirí agus Measúnú Cuimsitheachta agus Beartais na Cigireachta agus le Rannóg Oideachais Speisialta na Roinne Oideachais.
Ba é ionadaí na Roinne Oideachais roimhe seo é ar Chomhairle CNOS agus ar Fhóram Comhairliúcháin CNOS.
Sular thosaigh sé leis an gCigireacht, bhí Eamon ina phríomhoide teagaisc i mbunscoileanna i gContae na Mí agus i gContae an Chabháin.
Tá spéis ar leith ag Eamon san oideachas speisialta agus cuimsitheach, agus tá Cáilíocht Iarchéime aige san Oideachas Speisialta ó Choláiste San Aingeal, Sligeach.