Michael Redmond – Beathaisnéis
Comhairle CNOS
An Dr Michael Redmond
Is Ard-Rúnaí Cúnta don Taighde, Forbairt, agus Oiliúint i gComhcoiste na mBainisteoirí (JBM) – Rúnaíocht na Meánscoileanna é Michael. Oibríonn JMB chun cuidiú le ceannairí scoile i meánscoileanna deonacha in Éirinn.
Áirítear ar a phríomhfhreagrachtaí:
– Feidhmeanna oideachais, taighde, oiliúna, agus forbartha gairmiúla JMB a bhainistiú
– Spriocanna straitéiseacha agus cuspóirí oibríochtúla a bhaint amach mar atá leagtha amach sa phlean forbartha straitéisí
Oibríonn Michael freisin thar ceann an JBM i réimsí éagsúla oideachais, lena n-áirítear:
– Riachtanais speisialta oideachais
– Forbairt curaclaim
– Oideachas idirchultúir
– Cuimsiú
– Tionscnaimh mhíbhuntáiste
– TFC i scoileanna
Ceapadh ina Stiúrthóir Taighde agus Forbartha i Meán Fómhair 2009 é agus ceapadh ina Ard-Rúnaí Cúnta é in 2022.
Tá Michael ina Leas-Chathaoirleach freisin ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.