Fergal Lynch – Beathaisnéis
Comhairle CNOS
Fergal Lynch – Cathaoirleach na Comhairle
Ceapadh an Dr Fergal Lynch ina Chathaoirleach ar Chomhairle CNOS i mí Lúnasa 2023. Is státseirbhíseach díograiseach é a bhfuil breis agus daichead bliain de thaithí aige ag obair i ranna rialtais.
Tá sé ag obair ina Phríomhcheannaire Sinsearach i nGníomhaíocht Rialtais agus Beartais Phoiblí faoi láthair in Ollscoil. Sa ról seo déanann sé ceangail níos dlúithe a chothú idir cleachtóirí beartais agus lucht acadúil i bhforbairt, cur i bhfeidhm agus meastóireacht beartais phoiblí.
Bhí Fergal ina Ard-Rúnaí ar an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ó 2015 go 2022. Sa Roinn Sláinte a chaith sé an chuid is mó dá ghairm bheatha ag obair, é ina Ard-Rúnaí Cúnta ó 2006 go 2012 agus ina Leas-Ard-Rúnaí ó 2012 go 2015.
Bhí Fergal ina Chathaoirleach ar Bhord an Fhorais Riacháin ó 2019 go 2022. Tá na cáilíochtaí seo a leanas aige:
– Dochtúireacht sa Rialachas (Ollscoil na Banríona Béal Feirste)
– Máistreacht Eolaíochta (Econ) i Staidéar Beartais (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath)
– Baitsiléir Ealaíon sa Riarachán Poiblí (An Foras Riaracháin)