Dharragh Hunt – Beathaisnéis

Dharragh Hunt a Policy and Public Affairs Advisor at the National Disability Authority (NDA) and member of the Council

Comhairle CNOS

Dharragh Hunt

Tá Dharragh, atá ar iasacht faoi láthair ón Údarás Náisiúnta Míchumais (ÚNM), ina Phríomhoifigeach Cúnta san Aonad Fís agus Straitéise Míchumais sa Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais.

Bhain obair Dharragh san ÚNM le cúram sláinte agus sóisialta, le hoideachas agus le leanaí faoi mhíchumas. D’oibrigh Dharragh ar roinnt d’athbhreithnithe ÚNM, lena n-áirítear athbhreithnithe ar an Measúnú ar Riachtanas faoin Acht um Míchumas, 2005 agus Díolúintí Thar Aois don Scéim Cúraim agus Oideachais Luath-Óige.

Bhí Dharragh ar an nGrúpa Idir-Rannach maidir le Rochtain ar an gClár Cúraim agus Oideachais Luath-Óige chun Tacú le Leanaí faoi Mhíchumas, faoinar forbraíodh an tsamhail a dtugtar an tSamhail Rochtana agus Cuimsithe (SRC) anois uirthi. Is ball é den Ghrúpa Cur Chun Feidhme Tionscadail SRC.

Sula thosaigh sé ag obair do ÚNM, d’oibrigh Dharragh i róil beartais i dTithe an Oireachtais agus san earnáil pobail.

Tá Baitsiléir Ealaíon ó Choláiste na Tríonóide ag Dharragh, Céim Mháistreachta ó UCD, agus Dioplóma Iarchéime i Modhanna Taighde Sóisialta ó Ollscoil Uladh. Tá sé ag críochnú Dochtúireacht san Eolaíocht Shóisialta in UCC faoi láthair.