Tairseach na Scoileanna
Tairseach na Scoileanna
Cad is Tairseach na Scoileanna ann?
Is tairseach le haghaidh iarratais ar líne í Tairseach Scoileanna CNOS inar féidir le ceannaire scoile iarratas a dhéanamh ar réimse seirbhísí.
Trí úsáid a bhaint as Tairseach na Scoileanna, beidh tú ábalta:
Iarratas a dhéanamh ar fhoghlaim ghairmiúil múinteoirí
Athbhreithniú a iarraidh ar acmhainní i scoileanna príomhshrutha
Samplaí de sheirbhísí Foghlama Gairmiúla Múinteoirí CNOS:
– Teacht ar Chomhairleoir ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) Ciorclán 0072/2025
– Cúnamh maidir le Tacaíocht d’Fhoghlaim Ghairmiúil Múinteóirí Scoile (FGM)
– Tacaíocht Curaclaim do Scoileanna Speisialta
Samplaí d’athbhreithniú ar acmhainní i scoileanna príomhshrutha
– Múinteoir Oideachais Speisialta (MOS) – Athbhreithniú ar Leithdháileadh MOS
– Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRS) – Athbhreithniú ar Leithdháileadh CRS Príomhshrutha
– Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRS) – Achomharc ar Thoradh Athbhreithnithe CRS – tagairt Ciorclán 0049/2024
Scoil amháin – cuntas amháin – seoladh ríomhphoist amháin
Ní féidir ach cuntas amháin a bheith ag gach scoil agus caithfidh sé a bheith nasctha le seoladh ríomhphoist amháin. Bainfimid úsáid as an seoladh ríomhphoist seo le haghaidh gach teagmhála leis an scoil trí Thairseach na Scoileanna.
Seol ríomhphost chuig schoolsupport@ncse.ie nó bain úsáid as an nasc thíos:
Má tá dearmad déanta agat ar do shonraí logála isteach
Chun sonraí do scoile a thabhairt cothrom le dáta, amhail ainm an phríomhoide, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist
Tairseach na Scoileanna
Tacaíocht FGM Scoile
Is éard atá i gceist le Tacaíocht do Scoileanna maidir le FGM ná Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí (TPL). Tá sé mar aidhm aige cleachtais teagaisc agus torthaí a fheabhsú do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Tairseach na Scoileanna
Tacaíocht Curaclaim do Scoileanna Speisialta
Tacaíonn CNOS le gach scoil speisialta i dtaobh tabhairt i bhfeidhm (tabhairt isteach de réir a chéile) Churaclam na Bunscoile ar an leibhéal náisiúnta.
Tairseach na Scoileanna
Tacaíocht Chomhairleora ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann
D’fhéadfadh scoileanna a bhfuil daltaí atá Bodhar nó a bhfuil Laige Éisteachta acu agus a úsáideann ISL a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta ó sheirbhís Chomhairleora ISL CNOS. Cuidíonn an tacaíocht seo le scoileanna muinín agus cumas uile-scoile a chothú in ISL ionas gur féidir le daltaí rochtain a fháil ar fhoghlaim.
Tairseach na Scoileanna
Athbhreithniú maidir le Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS)
Is próiseas foirmiúil é an tAthbhreithniú maidir le Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRS) chun leithdháiltí Cúntóra Riachtanas Speisialta (CRS) a athbhreithniú i scoileanna.
Tá dhá chineál Athbhreithnithe maidir le Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRS) ann:
– Is féidir leis an scoil é a iarraidh le linn thréimhse an iarratais
– Is féidir le CNOS an t-athbhreithniú a threorú
Tairseach na Scoileanna
Achomharc maidir le Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRS)
Le hAchomharc maidir le Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRS), is féidir le scoil cur i gcoinne chinneadh an Athbhreithnithe maidir le Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRS) go foirmiúil.
Tairseach na Scoileanna
Athbhreithniú maidir le Múinteoirí Oideachais Speisialta
Más léir nach bhfuil scoil in ann freastal ar riachtanais an ghrúpa iomláin leanaí agus daoine óga, is féidir athbhreithniú maidir le MOS a dhéanamh.
Úsáidtear an próiseas seo nuair a thagann imthosca uathúla chun cinn i scoil a mbeadh athbhreithniú práinneach ag teastáil uathu. Caithfidh tionchar suntasach a bheith ag na himthosca seo ar an scoil.