Foirmeacha do Thuismitheoirí
Foirmeacha do Thuismitheoirí
Foirm Toilithe Tuismitheoirí
Tríd an bhfoirm seo a líonadh isteach, aontaíonn tú cead a thabhairt don Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta faisnéis phearsanta agus ghairmiúil a bhailiú agus a úsáid faoi do leanbh chun tacú lena riachtanais oideachais speisialta.
Foirmeacha do Thuismitheoirí
Foirm Toilithe chun Aistriúchán ón Úcráinis/Rúisis a dhéanamh ar Thuairiscí Gairmiúla
Príomhoide na scoile a líonann an fhoirm seo de ghnáth agus síníonn an tuismitheoir nó an caomhnóir í.
Chun iarratas ar aistriúchán ón Úcráinis nó ón Rúisis go Béarla a dhéanamh ar thuairiscí gairmiúla, seol ríomhphost chuig translations@ncse.ie
Ceangail dhá dhoiciméad le do thoil:
– An tuairisc atá le haistriú
– Foirm Toilithe Tuismitheoirí sínithe (nasc thíos)
Tá na foirmeacha ar fáil anseo i mBéarla agus in Úcráinis.
Ní féidir linn glacadh le hiarratais ar aistriúchán gan an Fhoirm Toilithe Tuismitheoirí a bheith sínithe.
Foirmeacha do Thuismitheoirí
Foirm Toilithe chunle haghaidh Aistriúchán ón Úcráinis/Rúisis a dhéanamh ar Thuairiscí Gairmiúla – Teagasc Baile
Tuismitheoir nó caomhnóir a líonann an fhoirm seo de ghnáth nuair a bhíonn siad ag lorg Scéim Deontais Teagaisc Baile um Riachtanais Oideachais Speisialta.
Chun aistriúchán ar thuairiscí gairmiúla ón Úcráinis nó ón Rúisis go Béarla a iarraidh, seol ríomhphost chuig translations@ncse.ie.
Ceangail dhá dhoiciméad le do thoil:
– An tuairisc atá le haistriú
– Foirm Toilithe Tuismitheoirí atá sínithe (nasc thíos)
Tá na foirmeacha le fáil anseo i mBéarla agus in Úcráinis.
Ní féidir linn glacadh le hiarratais ar aistriúchán gan an Fhoirm Toilithe Tuismitheoirí a bheith sínithe.
Iompar Scoile
Más tuismitheoir nó caomhnóir tú atá ag lorg iompar scoile do do leanbh, déan teagmháil le d’eagraí riachtanais speisialta oideachais (ERSO) áitiúil.
Is féidir le do ERSO an t-iarratas a chomhordú. Tá codanna san fhoirm le comhlánú ag:
– An tuismitheoir nó an caomhnóir
– An scoil
– An t-eagraí riachtanais speisialta oideachais (ERSO)
Caithfidh an tuairisc ghairmiúil (na tuairiscí gairmiúla) a bheith san áireamh sna foirmeacha iarratais comhlánaithe chun tacú leis an iarratas.
Seolfaidh an ERSO na hiarratais chuig an Rannóg Iompair Scoile sa Roinn Oideachais, agus siadsan a dhéanann an cinneadh maidir le gach iarratas.