Múinteoirí Cuartaíochta
Múinteoirí Cuartaíochta
Cad a dhéanann múinteoir cuartaíochta?
Is múinteoirí cáilithe iad múinteoirí cuartaíochta a bhfuil scileanna speisialtóra acu a thacaíonn le:
– Leanaí atá Bodhar/a bhfuil laige éisteachta acu
– Leanaí atá Dall/a bhfuil laige amhairc acu
Cuireann Múinteoirí Cuartaíochta tacaíocht fhadtéarmach ar fáil do leanaí ó leibhéal na bunscoile go dtí leibhéal na hiarbhunscoile.
Bíonn chomh minic agus an cineál tacaíochta a fhaigheann leanbh ag brath ar riachtanais an linbh.
Oibríonn gach múinteoir cuartaíochta i réigiún agus bíonn orthu tacú le roinnt daltaí.
Tacaíonn siad le tuismitheoirí, caomhnóirí, múinteoirí agus gairmithe eile a bhfuil baint acu leis an leanbh.
Oibríonn múinteoirí cuartaíochta i gcomhar le gairmithe agus gníomhaireachtaí eile amhail:
– Éisteolaithe (speisialtóirí éisteachta)
– Seirbhísí Oftailmeolaíóchta (amharc)
– Teiripeoirí urlabhra agus teanga
– Speisialtóirí lagamhairc
– Síceolaithe
– Foirne luath-idirghabhála,
– Comhairleoirí ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL)
– Baill foirne scoile speisialtóra
Oibríonn siad freisin le grúpaí abhcóideachta agus le hEagraíochtaí Daoine faoi Mhíchumas (EDManna) ar nós As I Am don uathachas agus Cumann Bodhar na hÉireann.
Ar an leathanach seo mínímid:
– An próiseas chun atreorú a fháil
– Cad a tharlaíonn nuair a thacaíonn múinteoir cuartaíochta le do leanbh sa bhaile agus ar scoil
– Conas teagmháil a dhéanamh le do mhúinteoir cuartaíochta áitiúil
Múinteoirí Cuartaíochta
Atreoruithe
Conas atreorú a dhéanamh
Féadfaidh na daoine seo a leanas atreoruithe a dhéanamh i scríbhinn chuig múinteoirí cuartaíochta:
– Tuismitheoirí
– Scoileanna
– Seirbhísí Éisteolaíochta agus Oftailmeolaíochta FSS
– Clinicí Súl
– Vision Ireland
– An tAonad Imphlandaithe Cochlaigh, Ospidéal Beaumont
– Cumann Bodhar na hÉireann
– Chime
Nuair atá an t-atreorú á dhéanamh, cinntigh le do thoil:
– Go bhfuil tu ag úsáid na foirme atreoraithe caighdeánaí
– Go bhfuil tuairisc éisteolaíochta nó oftailmeolaíochta cothrom le dáta san áireamh
Seol an fhoirm atreoraithe go díreach chuig an múinteoir cuartaíochta áitiúil. Féach ar an nasc chuig na sonraí teagmhála ag íochtar an leathanaigh.
Múinteoirí Cuartaíochta
Cuairteanna ar an mBaile
Sula dtugann múinteoir cuartaíochta cuairt ar do theach, rachaidh siad i dteagmháil leat chun an chuairt a shocrú agus do chomhaontú (toiliú) a fháil. De ghnáth bíonn tuismitheoirí nó caomhnóirí i láthair nuair a bhuaileann an múinteoir cuartaíochta le do leanbh agus nuair a idirghníomhaítear leis.
Le linn na cuairte, is féidir leis an múinteoir cuartaíochta tacaíocht a thairiscint ar go leor bealaí.
Tacaíocht ghinearálta
– Faisnéis agus comhairle a chur ar fáil
– Moltaí a dhéanamh don réamhscoil nó don scoil maidir le teicneolaíochtaí cúnta a theastóidh nuair a bheidh an leanbh cláraithe
-Tú a chur i dteagmháil le tuismitheoirí eile leanaí atá Bodhar/lagéisteachta nó Dalla/lagamhairc ionas gur féidir leat eispéiris agus eolas a roinnt agus chun gur féidir libh tacaíocht a thabhairt dá chéile
– Cabhrú leat dul chun cinn do linbh a rianú agus a cheiliúradh
Tacaíocht do leanaí atá Bodhar/a bhfui laige éisteachta acu
– Tacaíocht mhaith ó thaobh cumarsáide agus teanga a mholadh trí ghníomhaíochtaí laethúla, idirghníomhaíocht agus súgradh
– Eolas a roinnt faoi na roghanna cumarsáide atá ar fáil, lena n-áirítear teanga labhartha agus teanga chomharthaíochta
– Eolas a chur ar fáil faoi na roghanna oideachais atá ann agus tú ag roghnú réamhscoile nó scoile
– An teicneolaíocht chúnta, ar nós feistí aimplithe, a phlé agus an bealach chun í a úsáid a thaispeáint
Tacaíocht do leanaí atá Dall/a bhfuil laige amhairc acu
– Oibriú ar an radharc a spreagadh agus tacaíocht a chur ar fáil chun scileanna réamh-bhraille agus soghluaisteachta a fhorbairt
– Eolas a roinnt faoi na roghanna cumarsáide atá ar fáil, lena n-áirítear braille.
– An teicneolaíocht chúnta, ar nós áiseanna lagamhairc a phlé agus an bealach chun í a úsáid a thaispeáint
Múinteoirí Cuartaíochta
Cuairteanna ar an mBunscoil
Is féidir leis an múinteoir cuartaíochta tacaíocht a chur ar fáil ar go leor bealaí ag leibhéal na bunscoile:
– Teagasc díreach, go háirithe i réimsí na teanga agus na cumarsáide
– Cuir chuige maidir leis an teagasc samhaltach do mhúinteoirí príomhshrutha agus múinteoirí speisialta
Cur le plean tacaíochta scoile an linbh i gcomhar le tuismitheoirí agus le foireann na scoile:
– Measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn an linbh maidir le spriocanna a bhaint amach agus na spriocanna sin a thaifeadadh
– A chur ar chumas na foirne príomhshrutha an curaclam a chur i gcrích trí chomhairle a chur orthu faoin tionchar oideachais agus sóisialta a d’fhéadfadh a bheith ag caillteanas éisteachta nó lagú amhairc ar fhorbairt linbh
– Moltaí a dhéanamh agus comhairle a chur ar mhúinteoirí maidir le húsáid na dteicneolaíochtaí cúnta ar nós trealamh aimplithe agus áiseanna lagamhairc
– Comhairle a thabhairt maidir leis an bhfuaimíocht agus timpeallacht shábháilte sa seomra ranga
– Oibriú le gairmithe agus gníomhaireachtaí eile a chuireann seirbhísí ar fáil
Múinteoirí Cuartaíochta
Cuairteanna ar an Iar-bhunscoil
Sula mbogann an leanbh go dtí an iar-bhunscoil, oibríonn na múinteoirí cuartaíochta leis na tuismitheoirí agus leis na scoileanna chun cabhrú leis an bpróiseas aistrithe.
Chomh maith leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil ag leibhéal na bunscoile, is féidir leis an múinteoir cuartaíochta an tacaíocht seo a leanas a chur ar fáil ag leibhéal na hiar-bhunscoile:
– Moltaí a dhéanamh maidir le socrúcháin réasúnta a chuireann Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar fáil, agus tacú le hiarratas scoile ar shocrúcháin
– Tuairisc aistrithe a ullmhú don scoláire a bheidh le roinnt le hoifigigh do dhaoine faoi mhíchumas in oideachas tríú leibhéal, gníomhaireachtaí breisoideachais agus oiliúna, nó fostóirí ionchasacha.
Déan Teagmháil le Múinteoir Cuartaíochta
Aimsigh do Mhúinteoirí Cuartaíochta do Dhaoine Dalla/a bhfuil Laige amhairc
Aimsigh do Mhúinteoirí Cuartaíochta do Dhaoine atá Bodhar/a bhfuil Laige éisteachta